Cuireann an Príomhfheidhmeannach tuarascálacha míosúla ar fáil do na comhaltaí tofa ag cruinnithe na Comhairle Iomlánaí, i gcomhréir le hAlt 51 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014. Tá foráil sa reachtaíocht don tuarascáil dhíreach seo chuig comhaltaí tofa ar bhonn míosúil agus cinntíonn sé trédhearcacht agus cuntasacht inár rialachas.
Tugann na tuarascálacha seo forbhreathnú mionsonraithe ar ghníomhaíochtaí, éachtaí agus tionscnaimh straitéiseacha na Comhairle, a léiríonn tiomantas na Comhairle seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar agus forbairt inbhuanaithe a chothú ar fud Chontae na Gaillimhe. Áirítear i ngach tuarascáil nuashonruithe cuimsitheacha ó gach stiúrthóireacht agus Ceantar Bardasach, ina gcuirtear béim ar a gcuid oibre leanúnaí, príomhtháscairí feidhmíochta, nuashonruithe tionscadail, agus clocha míle suntasacha. Coinneoidh na tuarascálacha seo ar an eolas thú faoi na hiarrachtaí agus na feabhsuithe leanúnacha laistigh de Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá na tuarascálacha eagraithe thíos, rangaithe de réir bliana agus míosa.