Nuashonruithe míosúla ón bPríomhfheidhmeannach chuig comhaltaí tofa, ina sonraítear gníomhaíochtaí, feidhmíocht agus dul chun cinn straitéiseach na Comhairle.
Leagtar amach dualgas dlíthiúil na Comhairle chun comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc, agus cearta an duine a chosaint i seachadadh seirbhísí agus san fhostaíocht.
Is é an Plean Corparáideach straitéis ghnó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá sraith spriocanna straitéiseacha ardleibhéil mar thaca ag an bPlean a thugann aghaidh ar ról na Comhairle fad is a sholáthraíonn sé an treochlár d’fhorbairt fhadtéarmach socheacnamaíoch an Chontae.
Pleananna bliantúla ina leagtar amach na seirbhísí atá le seachadadh gach bliain agus an chaoi a bhfuil siad ag teacht le spriocanna straitéiseacha na Comhairle.
Is doiciméad reachtúil é an Plean Forbartha Contae ina leagtar amach an creat straitéiseach le haghaidh pleanála agus forbartha inbhuanaithe do Chontae na Gaillimhe.