Cuardaigh

Áineas agus Conláistí

Services List

Páirceanna agus Spásanna Oscailte

Bain sult as páirceanna agus spásanna oscailte na Gaillimhe le radharcanna áille, limistéir áineasa agus áiseanna atá oiriúnach do theaghlaigh

Áiteanna súgartha

Cuireann ár n-áiteanna súgartha i gContae na Gaillimhe spás saor in aisce ar fáil do leanaí, dá dteaghlaigh agus dá gcúramóirí chun dul i mbun taiscéalaíochta, súgartha agus chun taitneamh a bhaint as amuigh faoin aer.

Raon Reatha Dhún Leo

Cuireann Raon Reatha Dhún Leo raon 400m, lánaí ráibe, páirc phobail, agus áiseanna aclaíochta allamuigh ar fáil, le rochtain phoiblí saor in aisce agus roghanna áirithinte ar fáil.

Ionad cuairteoirí Eachroma

Tabhair cuairt ar Ionad Cuairteoirí Eachroma chun iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht áitiúil agus foghlaim faoi cheann de na himeachtaí stairiúla is suntasaí i stair na hÉireann agus na hEorpa.

Trealamh spóirt BoxUp

Faigh rochtain ar threalamh spóirt agus fóillíochta ar feadh tréimhse nach faide ná trí uair an chloig trí úsáid a bhaint as taisceadáin BoxUp ar fud na Gaillimhe, ar fáil trí aip mhóibíleach.

Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh (ORIS)

Maoiníonn ORIS forbairt, cothabháil agus cur chur cinn bonneagair áineasa allamuigh faoin tuath in Éirinn, agus tacaíonn sé le siúl, rothaíocht, agus cadhcáil chun stíleanna maireachtála sláintiúla a fheabhsú agus borradh a chur faoi thurasóireacht áitiúil.