Séanadh
Cuirtear in iúl leis seo go dtiocfaidh na forálacha eile den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 i bhfeidhm an 26 Samhain 2026.
Ón dáta sin ar aghaidh, beidh gach iarratas nua ar chead pleanála faoi réir cheanglais na reachtaíochta nua. Moltar do ghníomhairí eolas a chur ar na foirmeacha iarratais nuashonraithe, ar na fógraí poiblí agus ar na ceanglais bhailíochtaithe roimh an 26 Samhain 2026.
Tá tuilleadh eolais faoi chur chun feidhme an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2024, lena n-áirítear faisnéis faoi theacht i bhfeidhm an Achta, rialacháin, doiciméid treorach agus nuashonruithe maidir lena chur chun feidhme, ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2024.
Tábhachtach: D'fhéadfadh sé go ndearbhófaí iarratas neamhbhailí má úsáidtear foirmeacha iarratais, fógraí nuachtáin, fógraí poiblí nó doiciméid tacaíochta a thagraíonn don Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), i gcás ina bhfaightear an t-iarratas an 26 Samhain 2026 nó ina dhiaidh. Ba cheart do ghníomhairí a chinntiú go dtagraíonn gach doiciméad a chuirtear isteach ón dáta sin ar aghaidh don Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 agus go gcomhlíonann sé na ceanglais bhailíochtaithe athbhreithnithe. Tá foirmeacha iarratais, fógraí agus seicliostaí bailíochtaithe nuashonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Déan Iarratas | Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Leanfar de phróiseáil a dhéanamh ar iarratais a taisceadh roimh an 26 Samhain 2026 faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), faoi réir na bhforálacha idirthréimhseacha ábhartha.