Cuardaigh

Grúpscéim Uisce Glacadh ar Láimh

<p>Grúpscéim Uisce Glacadh ar Láimh</p>

Tá caighdeáin agus nósanna imeachta bunaithe ag Uisce Éireann chun glacadh ar láimh grúpscéime uisce a éascú. Féadfaidh scéim iarratas a dhéanamh chun go nglacfaidh Uisce Éireann ar láimh í trí Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Féadfar deontas a chur ar fáil, le haghaidh oibreacha uasghrádaithe riachtanacha, chun an glacadh seilbhe a éascú, ar athbhreithniú ag an Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil, tríd an gClár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil (MARWP).

Ceanglaítear ar scéimeanna na ceanglais Glacadh ar Láimh a chomhlíonadh mar atá leagtha amach ag Uisce Éireann d’fhonn an scéim a chur ar aghaidh isteach sa líonra poiblí. Chun na Riachtanais maidir le Glacadh ar Láimh a chomhlíonadh, féadfar deontas suas le 100% de chostas iomlán aon oibreacha uasghrádaithe riachtanacha a chur ar fáil faoi Bheart 5 den Chlár Uisce Tuaithe ar iarratas a dhéanamh ón nGrúpscéim Uisce / Grúpscéim Shéarachais le haghaidh an mhaoinithe riachtanaigh. I gcás Grúpscéimeanna Uisce, ní mór don scéim na ceanglais dhiana maidir le caillteanas uisce a chomhlíonadh, 0.4m³/km/uair, mar atá leagtha amach faoin bpróiseas chun iarratas ar Ghlacadh ar Láimh a chur chun cinn.

Tabhair faoi deara le do thoil go gcaithfidh dhá thrian (2/3) de bhaill uile na grúpscéime a bheith ar aon tuairim maidir le húinéireacht a scéime a aistriú chuig an gComhairle agus go gcaithfear gach saincheist atá gan réiteach maidir le húinéireacht tailte, cearta rochtana etc. a rialú chun go bhféadfar aon tionscadal faoin ngníomh seo a chur ar aghaidh.

Is féidir tuilleadh eolais a bhaineann le scéim atá á glacadh ar láimh ag Uisce Éireann, mar aon leis na sonraí ábhartha a theastaíonn agus foirmeacha iarratais, a fheiceáil agus tá siad ar fáil lena n-íoslódáil trí chliceáil ar: