Cuardaigh

Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024 – 2026

<p>Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024 – 2026</p>

Clár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024 -2026 (MARWP)

Oibríonn an Clár ar chur chuige maoinithe ilbhliantúil. I mí Eanáir 2024, tugadh cuireadh d’údaráis áitiúla tairiscint a dhéanamh ar mhaoiniú bunaithe ar riachtanais scéimeanna don Chlár Uisce Tuaithe Ilbhliantúil 2024-2026. 

Maoiniú caipitil do ghrúpscéimeanna agus do naisc uisce pobail

Cuirtear maoiniú caipitil ar fáil faoi na seacht mbeart seo a leanas:

  • Beart A1 - Cosaint na foinse
    Tá maoiniú ar fáil do ghrúpscéimeanna uisce inbhuanaithe príobháideacha atá ann cheana féin (PriGWS) chun oibreacha cuí cosanta foinsí a dhéanamh ar a bhfoinse/foinsí uisce atá ann cheana féin, lena n-áirítear comhdhlúthú foinsí nuair is féidir é sin a dhéanamh.
     
  • Beart A2 - Soláthar cóireála uisce, feabhsuithe agus athsholáthar caipitil
    Tá maoiniú ar fáil faoi dhá fhobheart, do PriGWSanna inbhuanaithe atá ann cheana féin le haghaidh na nithe seo a leanas:
    1. Feabhsuithe ar ionad cóireála uisce (lena n-áirítear, ar bhonn práinne, cóireáil nua uisce do sholáthairtí nach bhfuil aon chóireáil déanta orthu faoi láthair); nó
    2. Athsholáthar caipitil (conarthaí DBO atá ann cheana féin).
       
  • Beart A3 - Cónascadh agus/nó réasúnú
    Tá maoiniú ar fáil faoi dhá fhobheart, do PriGWSanna atá ann cheana féin le haghaidh na nithe seo a leanas:
    1. Cónascadh – le haghaidh oibreacha cumasúcháin riachtanacha chun dhá scéim nó níos mó a chónascadh agus a nascadh go fisiciúil; agus/nó
    2. Réasúnú – le haghaidh oibreacha cumasúcháin riachtanacha chun bainistíocht agus oibriú dhá scéim nó níos mó a thabhairt le chéile i gcás nach bhfuil nasc fisiciúil praiticiúil.
       
  • Beart A4 - Caomhnú uisce, sceitheadh a laghdú agus a chosc
    Tá maoiniú ar fáil faoi dhá fhobheart, do PriGWSanna inbhuanaithe atá ann cheana féin le haghaidh na nithe seo a leanas:
    1. Caomhnú uisce chun leibhéal sceitheadh ​​sa Cheantar a fheabhsú; nó
    2. Uasghráduithe bonneagair - lena n-áirítear córais astarraingthe agus dáilte, stóráil agus stáisiúin caidéalaithe etc.
       
  • Beart A5 - Síneadh ar ghrúpscéimeanna uisce príobháideacha atá ann cheana féin agus ar ghrúpscéimeanna uisce nua
    Tá maoiniú ar fáil, faoi dhá fhobheart, i gcás nach bhfuil líonra soláthair uisce poiblí ar fáil nó pleanáilte agus nach rogha inbhuanaithe agus inmharthana iad soláthairtí uisce tí aonair (toibreacha príobháideacha) do:
     
    1. Síntí ar líonra dáileacháin PriGWSanna atá ann cheana féin; nó
    2. Bunú PriGWSanna nua - forbairt foinse, cóireáil uisce, stóráil agus líonra dáileacháin.
       
  • Beart A6 - Glacadh ar láimh grúpscéimeanna uisce agus grúpscéimeanna séarachais
    Tá maoiniú ar fáil, faoi cheithre fhobheart, do ghrúpscéimeanna uisce agus PriGWSanna atá ann cheana féin chun a líonra dáileacháin a uasghrádú go dtí an caighdeán bunúsach le glacadh ar láimh Uisce Éireann le haghaidh na nithe seo a leanas:
    1. Easnamh cáilíochta PriGWS
    2. PriGWS atá comhlíontach le caighdeáin agus PubGWS gníomhach
    3. PubGWS ar an dé deiridh (‘dílleachta’)
    4. Grúpscéimeanna séarachais.
       
  • Beart A7 - Naisc uisce pobail agus naisc fuíolluisce pobail
    Tá maoiniú ar fáil, faoi dhá fhobheart, d’údaráis áitiúla chun na nithe seo a leanas a fhorbairt:

    1. Naisc Uisce Pobail
    2. Naisc Fuíolluisce Pobail (comhlánaigh gealltanais mhaoinithe atá ann cheana féin amháin)

    Dírítear ar shuíomhanna ina bhfuil an leathnú trí shíneadh ón líonra seirbhísí uisce agus fuíolluisce poiblí bunaithe ar riachtanas i.e. sláinte an duine agus an chomhshaoil, agus atá inmharthana ó thaobh na teicneolaíochta agus an gheilleagair de.
     

  • Beart A8 - Riachtanais bhailiúcháin agus chóireála fuíolluisce do shráidbhailte agus lonnaíochtaí nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí fuíolluisce poiblí
    D’fhormheas an tAire tionscadail faoin mbeart sin ar an 7 Nollaig 2023.

     
  • Beart A9 - Tionscadail taispeána nuálacha
    Tá maoiniú ar fáil, faoi dhá fhobheart, le haghaidh cur chuige agus réitigh nua agus nuálacha don Earnáil Uisce Tuaithe le haghaidh:
    1. Teicneolaíocht nua agus réitigh nuálacha do PriGWS; agus
    2. Tionscadail san Earnáil Uisce Tuaithe chun tacú le cuspóirí na Creat-Treorach Uisce agus na Treorach um Uisce Óil agus chun cabhrú leo a bhaint amach.
        

Maoiniú ceadaithe MARWP 2025: