Cuardaigh

Eolas na Rannóige

Tá dhá phríomhaicmiú soláthair uisce ann: Soláthar Uisce Poiblí, tá na soláthairtí seo faoi chúram nó faoi úinéireacht Uisce Éireann agus Soláthar Uisce Príobháideach, ní hé Uisce Éireann a oibríonn na soláthairtí seo.

Uisce Éireann

Ón 01/01/2014 tá Uisce Éireann i gceannas ar fheidhmeanna seirbhísí uisce agus freagrachtaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus is é an tÚdarás Náisiúnta um Sheirbhísí Uisce anois. Glacfaidh Uisce Éireann le gach fiosrúchán agus gearán a bhaineann le seirbhísí uisce agus fuíolluisce.

Téigh i dteagmháil le Uisce Éireann nó déan saincheist maidir le huisce a thuairisciú. Má tá ceist phráinneach agat, cuir glaoch ar 1800 278 278 / idirnáisiúnta +353 1 707 2828 (bíonn na línte gutháin oscailte 24/7).

Má tá ceist agat a bhaineann le billeáil ghnó, cuir glaoch ar 0818 778 778 / idirnáisiúnta +353 1 707 2827 (línte gutháin oscailte Luan - Aoine, 9 AM - 5:30 PM.

https://www.water.ie/help

https://www.water.ie/contact

 

Soláthairtí Uisce Príobháideacha

Tá na cineálacha seo a leanas i gceist le Soláthairtí Uisce Príobháideacha:

  • Is soláthairtí iad Grúpscéimeanna Poiblí ina mbainistíonn grúpscéim uisce, arna bunú ag an bpobal áitiúil, dáileadh uisce cóireáilte chuig na húsáideoirí. Bainistíonn Uisce Éireann astarraingt agus cóireáil an uisce.
  • Is soláthairtí iad Grúpscéimeanna Príobháideacha ina mbainistíonn grúpscéim uisce, arna bunú ag an bpobal áitiúil, astarraingt cóireáil agus dáileadh uisce cóireáilte.
  • Is soláthairtí iad Soláthairtí Beaga Príobháideacha (SPSanna) a fhreastalaíonn ar ghníomhaíocht tráchtála nó phoiblí. Is é úinéir nó bainisteoir na gníomhaíochta a bhainistíonn an astarraingt, aon chóireáil agus seachadadh an uisce. I measc samplaí de ghníomhaíochtaí tráchtála nó poiblí a bhfreastalaíonn soláthairtí beaga príobháideacha orthu tá óstáin, tithe tábhairne agus bialanna, naíolanna agus scoileanna náisiúnta.
  • Freastalaíonn Toibreacha Teaghlaigh ar thithe príobháideacha aonair, i gceantair thuaithe den chuid is mó. Tugtar toibreacha príobháideacha ar thoibreacha tí freisin. Is é úinéir an tí atá freagrach as an gcineál seo soláthair a bhainistiú.

Tá freagrachtaí dlíthiúla ar an Soláthraí agus ar an Údarás Áitiúil ábhartha araon maidir le soláthairtí príobháideacha, faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2014.

Rural Water Section

Address

Galway County Council
Rural Water Section
Centrepoint, Liosban, Tuam rd.,
Co. Galway
H91 PY8H

Phone numbers

Phone