Cuardaigh

Aimsir chrua fhuar

<p>Aimsir chrua fhuar</p>

Is ortsa atá an fhreagracht píbobair laistigh de theorainn do mhaoine a dhéanamh. Bhain cuid mhór de na glaonna chuig Údaráis Áitiúla le linn an dá thréimhse dhrochaimsire is déanaí le píobáin phríobháideacha reoite. Is mian le hAonad Caomhnaithe Uisce Chomhairle Chontae na Gaillimhe comhairle a thabhairt dá gcustaiméirí uisce go léir tús a chur le bearta gan mhoill, sula dtagann an geimhreadh, chun ullmhú le haghaidh drochaimsire geimhridh má tharlaíonn sé.

Ná déan dearmad: Is ortsa atá an fhreagracht aon phíbobair laistigh de theorainn do thí, agus d’fhéadfadh beagán ama a chaitheamh anois ar chosaint shimplí in aghaidh seaca cabhrú leat deacrachtaí agus costas a sheachaint le linn aimsire fuaire.
 
Rinne píobáin reoite, a phléasc nuair a leáigh an t-oighear, na mílte euro de dhamáiste do mhaoin an geimhreadh seo caite. Bhí méadú mór ar bhillí roinnt custaiméirí tráchtála agus talmhaíochta freisin i gcás nár aithníodh agus nár deisíodh sceitheanna ar a maoin go tapa. Ba chóir d’úinéirí maoine seiceáil lena n-árachóirí faoi na ceanglais a leagann siad síos i ndáil le drochaimsir thar a bheith fuar chun a chinntiú go bhfanfaidh an mhaoin faoi árachas.

CAD BA CHEART DUIT A DHÉANAMH ANOIS?

Aimsigh do bhuacaire, déan cinnte go bhfuil sé inslithe i gceart agus déan tástáil le cinntiú go bhfuil sé ag obair i gceart. Seo an áit ar féidir an t-uisce chuig do mhaoin a mhúchadh agus a chur ar siúl. Bíonn buacaire faoi dhoirteal na cistine i roinnt tithe cónaithe, agus bíonn buacaire ar an líne sholáthair ón bpríomhlíonra uisce ón gcomhairle nó ón ngrúpscéim i ngach maoin. De ghnáth bíonn sé seo suite díreach taobh amuigh de bhalla teorann na maoine, nó ar an gcosán os comhair na maoine. Beidh do sholáthraí pluiméireachta áitiúil in ann an uirlis chuí a sholáthar duit chun an buacaire a chasadh air agus as. Tá méadar agus bosca buacaire comhtháite i roinnt maoine cónaithe agus tráchtála.

Ba chóir go mbeadh dallán polaistiréine faoin gclúdach ar na boscaí seo go léir chun iad a chosaint ar shioc.  Cinntigh le do thoil go bhfuil sé seo suite i gceart agus mura bhfuil, déan iarracht ceann a fháil ó do sholáthraí pluiméireachta áitiúil. Is féidir aon ábhar inslithe nach gcoinníonn uisce a úsáid chun an buacaire agus an méadar a chosaint ar bhonn sealadach.

  1. Má reoigh do phíobán an geimhreadh seo caite, smaoinigh ar iarraidh ar do phluiméir píobán seirbhíse nua laistigh de theorainn do mhaoine a chur in áit an phíobáin atá ann anois. Ba chóir an píobán seirbhíse a chur i dtalamh ag doimhneacht níos mó ná 600mm faoi leibhéal na talún (más féidir) – dá doimhne atá sé is ea is mó a bheidh sé inslithe.
  2. Déan aon phíbobair atá nochta a insliú. Féach timpeall do thí le haghaidh áiteanna ina bhfuil línte soláthair uisce suite agus a d’fhéadfaidís a bheith in áiteanna neamhthéite nó neamhinslithe. Seiceáil an t-áiléar, na spásanna lámhacáin, na garáistí, faoi chaibinéid an tseomra folctha agus na cistine. Cuimhnigh gur cheart insliú an áiléir a bheith thar umar stórála uisce an áiléir, ionas gur féidir le teas ón teach thíos ardú agus an t-umar a choinneáil saor ó oighear.
  3. Ba chóir d’úinéirí feirme iarracht a dhéanamh gach píobobair ar a maoin a aimsiú. Ba chóir aon phíobobair os cionn na talún chuig trachanna a dhúnadh agus a dhraenáil síos nuair nach bhfuil siad in úsáid.
  4. Ba chóir d’úinéirí tithe saoire nó d’úinéirí maoine folmha an soláthar uisce a dhúnadh agus líonra uisce na maoine a dhraenáil go hiomlán nó téamh leanúnach na maoine a choinneáil chun reo a chosc. Bealach amháin nó bealach eile, ba cheart duit a shocrú go ndéanfar an mhaoin a sheiceáil gach lá le linn drochaimsire fuaire.

Ba chóir do gach úinéir maoine a thabhairt faoi deara go bhfuil gá le breisiú leanúnach ón soláthar uisce i gcás roinnt córas téimh agus níor cheart iad a oibriú nuair a bhíonn buacaire na maoine dúnta/an córas draenáilte síos nó na píobáin reoite. Téigh i dteagmháil le do phluiméir chun a fháil amach cén chineál córais téimh atá le fáil i do mhaoin féin agus conas a oibríonn an córas sin.

Cad ba cheart a dhéanamh le linn tréimhse drochaimsire fuaire?

  1. Coinnigh do théamh ar siúl ag an teocht chéanna 24/7 le linn aimsir fhuar.
  2. I gcás nach mbeadh sé ina ghuais do choisithe ná do thrácht, déan iarracht do bhuacaire nó do bhosca méadair a insliú tríd an mbosca a chlúdach le seanchairpéad nó mataí, do bhosca bruscair, nó fiú feithicil a pháirceáil os a chionn. Déanfaidh na bearta seo go léir an bosca a insliú beagán.
  3. I gcás ina gceapann tú go bhféadfadh píobáin i d’áiléar reo, agus má tá sé sábháilte déanamh amhlaidh, oscail comhla thógála d’áiléir chun ligean d’aer te dul suas go spás an áiléir.
  4. Déan aon sconnaí lasmuigh a insliú agus a chlúdach toisc go bhfuil seans maith go bpléascfaidh siad.
  5. Ba chóir d’fheirmeoirí a chinntiú go ndúnfar gach seirbhís fhada chuig na trachanna ag an mbuacaire.
  6. Ba chóir maoine folmha a sheiceáil gach lá, agus ba chóir go mbeidís á téamh ar bhonn leanúnach nó go mbeadh an soláthar múchta agus draenáilte síos.
  7. Ná rith do sconnaí, mar is ganntanas uisce do gach duine a bheidh mar thoradh air sin.
  8. Coinnigh súil ar chomharsana atá scothaosta nó tinn a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu chun uisce a fháil.

Cad ba cheart a dhéanamh má reonn do phíobáin?

  1. Mura bhfuil aon uisce ón sconna fuar ag doirteal do chistine, is dócha go bhfuil an píobán soláthair isteach chuig do mhaoin reoite. De ghnáth, reonn siad seo ag an bpointe a dtéann an píobán isteach sa teach (is minic a bhíonn sé éadomhain ag an bpointe seo) nó ag an mbuacaire cé go bhféadfadh sé reo ag aon phointe eile a leagadh ró-éadomhain.  Seans go mbeifeá in ann buacaire reoite a leá trína chlúdach i dtuáillí te
  2. B’fhéidir go mbeifeá in ann píobán reoite san áiléar nó píobán nochta eile a leá trína chlúdach i dtuáillí te nó trí bhuidéal te a úsáid. Ná húsáid aon fheiste le lasair gan chosaint ar phíobáin – is féidir leis an uisce sa phíopa fiuchadh agus pléascadh. Ná déan dearmad, má tá fearas leictreach á úsáid agat chun píobáin a leá, d’fhéadfadh baol leictreamharaithe a bheith ann má phléascann an píobán nuair a leánn sé.
  3. Seiceáil le Comhairle Chontae na Gaillimhe le fáil amach faoi fhadhbanna soláthair i do cheantar. Fógrófar iad seo ar fhógraí rialta raidió áitiúil agus ar shuíomh gréasáin Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
  4. Nuair a bhíonn an sioc go hiomlán leáite agus do sholáthar ar ais, déan cinnte nach bhfuil aon sceitheadh nó pléascadh tar éis tarlú.

CAD BA CHEART A DHÉANAMH MÁ PHLÉASCANN DO PHÍOBÁIN?

  1. Múch do bhuacaire. Oscail do sconnaí te agus fuara agus lig don uisce go léir draenáil amach.
  2. Múch do sholáthar leictreachais ag an bpríomhlíonra má tá aon bhaol ann go mbuailfeadh uisce sreangú nó fearais leictreacha.
  3. Má tá cónaí ort in árasán, i dteach sraithe nó i dteach leathscoite, tabhair rabhadh do do chomharsana ar eagla go mbeadh tuile ina maoin mar gheall ar an bpíobán pléasctha. Seiceáil le do chomharsana lena chinntiú nach bhfuil ach do sholáthar uisce féin múchta agat.
  4. Téigh i dteagmháil le do phluiméir cáilithe áitiúil chun socruithe a dhéanamh maidir le deisiúcháin