Cuardaigh

Seirbhísí

Pleananna Bainistíochta Tráchta

Ullmhaítear Pleananna Bainistíochta Tráchta agus é mar aidhm an leas is mó a bhaint as na gréasáin bóithre atá ann cheana. Seo thíos an próiseas: Déanann an Chomhairle moltaí don scéim a dhréachtú agus foilsítear fógra ina dtugtar le fios go mbeidh an scéim ar taispeáint go poiblí ar feadh míosa agus glactar le haighneachtaí ar feadh coicíse eile ó dheireadh na tréimhse taispeána Seoltar moltaí chuig comhaltaí tofa, chuig na Gardaí, agus chuig comhlachtaí áitiúla ábhartha ar mhaithe le tuairimí laistigh den tréimhse chéanna. Cuirtear an scéim deiridh le chéile le hathruithe ón bpróiseas comhairliúcháin á gcur san áireamh inti agus cuirtear faoi bhráid chomhaltaí na Comhairle mar eolas dóibh Foilsítear fógra ina dtugtar le fios go gcuirfear an scéim i bhfeidhm ar lá ar leith agus go mbeidh cóipeanna den scéim ar fáil ag áiteanna ar leith mar eolas don phobal.

Pleananna Ceantair Áitiúla

Is doiciméid reachtúla iad Pleananna Ceantair Áitiúla ina leagtar amach cuspóirí beartais a bhaineann le lonnaíochtaí ar leith do bhailte a shainaithnítear i bPlean Forbartha an Chontae.

Pobail Chliste agus Scileanna Digiteacha

Is féidir feabhas a chur ar bheatha, borradh a chur faoi sheirbhísí, agus an geilleagar a fhorbairt ach cabhair a thabhairt do mhuintir na Gaillimhe scileanna digiteacha a fháil. Cabhraítear le daoine fanacht i dteagmháil lena chéile agus cinntítear go mbaineann gach aon duine leas as an domhan digiteach.

Pobail Fuinnimh Inmharthana

Tacaíonn clár na bPobal Fuinnimh Inmharthana (PFI) le pobail leis an aistriú chuig sochaí ísealcharbóin.

Pointí Nasctha Leathanbhanda

Tá Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNL) lárnach i straitéis "Ár dTodhchaí Tuaithe" na hÉireann agus aidhm acu nascacht dhigiteach i gceantair thuaithe a fheabhsú. Tá 21 PNL i gcontae na Gaillimhe, 4 acu siúd ar na hoileáin. Tá ról suntasach ag PNL i gcur chun cinn chuimsithe sóisialta lena ndeimhnítear go bhfuil an rochtain chéanna ar sheirbhísí digiteacha ag pobail tuaithe agus ceantair uirbeacha.

Pórtha Srianta

Pórtha madraí a bhfuil gá le rialú breise orthu i measc an phobail, lena n-áirítear iall, béalóg agus ceanglais aitheantais.