Cuardaigh

Pobail Chliste agus Scileanna Digiteacha

<p>Is féidir feabhas a chur ar bheatha, borradh a chur faoi sheirbhísí, agus an geilleagar a fhorbairt ach cabhair a thabhairt do mhuintir na Gaillimhe scileanna digiteacha a fháil. Cabhraítear le daoine fanacht i dteagmháil lena chéile agus cinntítear go mbaineann gach aon duine leas as an domhan digiteach.</p>

Infhaighteacht

Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear béim ar infhaighteacht acmhainní ar líne agus oiliúint i scileanna digiteacha chun tacú le forbairt an Phobail Chliste. Tá cláir agus tionscnaimh éagsúla ar fáil chun tacú leis an gcuspóir seo: 

  • Scileanna Digiteacha don phobal níos sine: Cuirtear oiliúint riachtanach maidir le hinniúlacht dhigiteach ar fáil chun cabhrú le saoránaigh aghaidh a thabhairt ar an domhain digiteach, tá na scileanna sin á soláthar i gcúrsaí amhail Tús a Chur - Oiliúint Ríomhaireachta do Dhaoine Scothaosta ó Age Action
  • BOGRC (Bord Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin): Tairgtear réimse cláir oiliúna ‘Scileanna le Dul chun Cinn’ chun daoine i bhfostaíocht a réiteach leis na hinniúlachtaí riachtanacha don aois dhigiteach ar nós Scileanna TF don Fheirmeoireacht. Tairgtear cláir a bhaineann le 'hOideachas Pobail' freisin, lena ndeimhnítear tacaíocht chuimsitheach do gach aoisghrúpa agus gach cúlra. www.gretb.ie
  • Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Cruthaitheach BOGRC: Tá Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Cruthaitheach BOGRC ag tarraingt teicneolaíocht chruthaitheach agus acmhainní óige eile chuig ár bpobail dhigiteacha. https://www.creativeireland.gov.ie/
  • Microsoft: Cur chun cinn tionscnamh Microsoft, cúrsaí digiteacha Scileanna do Phoist, mar shampla.
  • Leabharlanna Poiblí: Cúrsaí oiliúna digiteacha ar líne, atá ar fáil más ball den leabharlann thú, lena soláthraítear breis is 500 cúrsa lena n-áirítear ióga, grianghrafadóireacht dhigiteach, bunchúrsa ríomhaireachta, Excel, agus tuilleadh mar aon le ceardlanna inmheánacha amhail ranganna teicneolaíochta cruthaitheachta ETIM.
  • Ag Tacú le hÉire Shláintiúil/Tionscnaimh Shláintiúla Chontae na Gaillimhe agus iad a Chur chun Cinn: Tionscnaimh Shláintiúla Chontae na Gaillimhe a chur chun cinn ag Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNL) chun cainteanna ar fheasacht sláinte agus acmhainní sláinte sa phobal a chur chun cinn.
  • Cláir Chroí Ar Líne: Soláthraítear cláir ar líne atá dírithe ar an tsláinte amhail clár Croí Connects lena dtairgtear líne chabhrach teileafóin agus Comhráite Fíorúla Croí Connects.
  • Acmhainní Sláinte agus Folláine FSS: Cuirfimid acmhainní sláinte agus folláine agus na leabharlanna FSS ar líne chun cinn chun lena chinntiú go mbeidh rochtain ag gach ball den phobal ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí luachmhara sláinte

Ár nGníomhartha chun tacú le roghnú Phobail Chliste agus Scileanna Digiteacha:

  • Comhoibriú le Soláthróirí Oideachais: Oibriú chun soláthróirí oideachais a chur chun cinn sa phobal le rochtain ar oiliúint i scileanna digiteacha a fheabhsú. Tacóidh sé sin le hinmharthanacht na bpobal tuaithe agus féidearthachtaí jabchruthúcháin a fheabhsú.
  • Téigh i dTeagmháil leis an bPobal: Úsáid a bhaint as teagmháil leis an bpobail chun riachtanais agus roghanna mhuintir an phobail a thuiscint maidir le riachtanais scileanna digiteacha. Deimhnítear leis an gcur chuige seo go bhfuil na tionscnaimh curtha in oiriúint chun freastal ar riachtanais shonracha na ngrúpaí pobail éagsúla.
  • Tacaíocht agus Cur Chun Cinn na gClár Comhoibríoch: Leanúint de bheith ag tacú le cláir agus iad a chur chun cinn in éineacht le páirtithe gaolmhara chun oiliúint i scileanna digiteacha a chur ar fáil don phobal nach n-úsáideann an t-idirlíon, ag iarraidh baic roimh ghlacadh digiteach a bhaint. Rannpháirtíocht i gcúrsaí ríomhaireachta tosaigh a mhéadú agus fócas ar dhaoine níos sine inár bpobal.
  • Úsáid a bhaint as Suíomhanna le Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNLanna): An nascacht ardluais atá ar fáil ag pointí nasctha leathanbhanda (PNL) a úsáid chun oiliúint i scileanna digiteacha a éascú i gceantair thuaithe, is féidir le PNLanna drochnascacht a bhaint mar bhac roimh rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí digiteacha.

Misean do Phobail Chliste agus Scileanna Digiteacha

Is é an misean atá againn ná ailíniú le straitéisí digiteacha náisiúnta agus Eorpacha chun tacú le Pobail Chliste agus chun soláthróirí scileanna digiteacha a chur chun cinn. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá sé mar aidhm againn pobal cuimsitheach, nuálach agus láidir a chruthú a mhairfidh san aois digiteach.

Tá sé mar chuspóir againn oiliúint a chur chun cinn do gach aoisghrúpa, gach cúlra agus gach leibhéal taithí. Trí ailíniú le Straitéis Digiteach agus TFC Rialtais Áitiúil na hÉireann 2030 agus úsáid a bhaint as Pointí Nasctha Leathanbhanda (PNL) is féidir linn cabhrú chun pobail dhigiteacha a chruthú agus tacú le soláthar Chláir na bPobal Cliste

Leis na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm, deimhníonn muid go mbeidh an deis ag an bpobal uile na scileanna digiteacha a fhorbairt atá riachtanach le bláthú i ndomhain atá nasctha go digiteach.

Téigh i dTeagmháil lenár nOifigeach Leathanbhanda

Uaireanta Oifige Luan go hAoine

Address

Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
Co. Galway
h91h6kx

Phone numbers

Phone