Cuardaigh

Páirceanna agus Spásanna Oscailte

Bain sult as páirceanna agus spásanna oscailte na Gaillimhe le radharcanna áille, limistéir áineasa agus áiseanna atá oiriúnach do theaghlaigh

Fearann an Pháláis, Tuaim 

In aice leis an Ionad Fóillíochta, an Áit Súgartha agus na Cúirteanna Leadóige, cuireann an pháirc phoiblí seo tearmann suaimhneach agus fáilteach ar fáil do chuairteoirí de gach aois. Tá faichí fairsinge, ceapacha bláthanna bríomhar, agus limistéir faoi scáth sa spás glas seo atá á chothabháil go hálainn, ar a dtugtar Fearann an Pháláis - áit iontach le haghaidh picnice nó chun do scíth a ligean.  

Mar gheall ar chóngaracht na páirce don Ionad Fóillíochta, is áit iontach í le haghaidh téamh síos i ndiaidh aclaíochta nó chun dul ar shiúlóid shuaimhneach. Is féidir le teaghlaigh taitneamh a bhaint as an áit súgartha, atá feistithe le struchtúir súgartha nua-aimseartha a fhreastalaíonn ar leanaí d'aoiseanna éagsúla. Is féidir le lucht spóirt taitneamh a bhaint as na cúirteanna leadóige in aice láimhe le haghaidh cluiche cairdiúil nó seisiún traenála.  

Cé acu má tá tú ag iarraidh dul i mbun gníomhaíochtaí áineasa, taitneamh a bhaint as siúlóid shuaimhneach, nó do scíth a ligean i measc an nádúir, cuireann Fearann an Pháláis faoiseamh taitneamhach ar fáil ó rírá agus ruaille buaille an tsaoil laethúil. 

Páirc Rinn Mhíl, Orán Mór  

Tá Páirc Rinn Mhíl suite i dtírdhreach réidh réchnocach ar bhruach Chuan na Gaillimhe, ó dheas de Chathair na Gaillimhe agus Baile Órán Mór. Tá an ghaoth tar éis teorainneacha thiar agus thuaidh na coillte a mhúnlú, ach cosnaítear taobh istigh den Pháirc den chuid is mó le coillearnach fhairsing. 

Cuimsítear bealach siúil Slí na Sláinte sa Pháirc, cosáin trí choillte, áit súgartha poiblí laistigh de sheanbhallaí gairdín, áiteanna beárbaiciú, agus ionad aclaíochta faoin aer. 

Cuimsítear oidhreacht thógtha Chaisleán Rinn Mhíl agus Halla Rinn Mhíl sa Pháirc: 

Sa bhliain 1574, taifeadadh gurbh é Richard McThomas Oge, ball de theaghlach Burke, an chéad úinéir aitheanta ar an gcaisleán agus ar na tailte ag an Rinn Mhíl. Teach dhá stór Seoirseach déanach atá tógtha ós cionn íoslach ab ea Halla Rinn Mhíl. 

D’fhan an teach i seilbh theaghlach Athy go dtí 1944 (seachas tréimhse sna 1820idí, nuair a bhí cónaí ar an Tiarna agus ar an mBean Uasal Wallscourt sa teach agus a dteach trasna Bhá Rinn Mhíl, ag Caisleán Aird Fhraoigh, á athchóiriú). Ina dhiaidh sin, chuaigh sé trí lámha an Uasail P. Daly agus an Tiarna Hemphill ó Chaisleán Thul Aighre in aice leis an nGort. Scrios tine an teach sa deireadh i 1976. Tá teach geata an tí suite ag bealach isteach uachtarach an charrchlóis go Páirc Rinn Mhíl.  

Spásanna Oscailte  

Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe cothabháil ar pháirceanna poiblí trí dhuilliúr a chur, féar a ghearradh agus fiailí a bhainistiú chun spásanna a choinneáil glan agus tarraingteach.  

An bhfuil Imeacht á Phleanáil agat? 

Ní mór d’aon duine ar mian leo imeacht a reáchtáil i bpáirc phoiblí nó i spás oscailte i gContae na Gaillimhe iarratas a dhéanamh chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe chun cead a fháil amhlaidh a dhéanamh. D’fhéadfaí go n-áireofaí leis na himeachtaí laethanta spraoi teaghlaigh, laethanta spóirt, imeachtaí carthanachta, imeachtaí spóirt, taispeántais ealaíne agus ranganna aclaíochta.