Cuardaigh

Plean cothabhála an gheimhridh

Sonraí maidir le salann a chur ar bhealaí, glanadh sneachta, agus freagairt éigeandála le linn an gheimhridh.

Plean Cothabhála an Gheimhridh

Sonraí maidir le salann a chur ar bhealaí, glanadh sneachta, agus freagairt éigeandála le linn an gheimhridh.

Le linn na tréimhse ó Dheireadh Fómhair go hAibreán, d’fhéadfadh sioc agus oighear ar bhóithre a bheith mar thoradh ar an aimsir agus d’fhéadfadh sé a bheith níos contúirtí ná mar is gnách taisteal ar bhóithre. Tá sé de dhualgas ar gach úsáideoir bóthair gan a bheith ag tiomáint nuair nach bhfuil gá leis agus a bheith an-chúramach más gá dóibh tiomáint sa drochaimsir sin.

Déanann Comhairle Chontae na Gaillimhe monatóireacht ar dhálaí bóithre le linn an gheimhridh agus tá córas maidir le grean á leagan ar bhóithre ar leith atá liostaithe thíos eagraithe acu má bhíonn gá le leathadh grin. Is príomhbhealaí iad na bealaí seo agus cé go ndéanfar gach iarracht grean a chur ar na bealaí sin faoi mhaidin, ní féidir é sin a dheimhniú toisc gur féidir le dálaí aimsire i.e. báisteach, cosc a chur ar leathadh grin.

Níor cheart do thiománaithe talamh slán a dhéanamh de go ndearnadh grean a chur ar na bóithre sin.

Má tá salann curtha ar bhóthar, ní hionann sin is a rá gur féidir le duine tiomáint ar an mbóthar amhail is nach raibh sioc/oighear ar bith air, tá an leibhéal céanna cúraim ag teastáil agus a bheadh dá mbeadh sioc agus oighear fós ann.