Ghlac ár gcomhaltaí tofa le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2024-2029 ar an 19 Feabhra 2024. Forbraíodh an straitéis cúig bliana i ndiaidh comhairliúchán forleathan a dhéanamh ar fud an Chontae le daoine óga, grúpaí pobail, gnólachtaí áitiúla, ionadaithe tofa, baill foirne agus comhlachtaí poiblí eile.
I measc na bpríomhchuspóirí atá leagtha amach sa Phlean, tá tacú le tionscadail fuinnimh in-athnuaite a fhorbairt, geilleagar ciorclach a chur chun cinn agus astaíochtaí carbóin a laghdú.
Cuireann an Plean treochlár ar fáil chun dul in oiriúint do ghuaiseacha aimsire, amhail tuilte cósta, abhann agus uisce dromchla, creimeadh cósta, tonnta teasa agus triomach, agus meastar go méadóidh minicíocht agus déine na nguaiseacha sin i gcomhréir le treochtaí domhanda, agus beidh raon leathan tionchar acu siúd ar Chontae na Gaillimhe.
Tá fís an Phlean i dtaca le hathrú aeráide i réimsí fuinnimh, na timpeallachta tógtha, iompair, an gheilleagair chiorclaigh agus talamhúsáide bunaithe ar ghníomhartha indibhidiúla, lena n-áirítear gealltanas ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe a hastaíochtaí a laghdú 51% faoi 2030.
Le cur i bhfeidhm an Phlean, tacófar le hinfheistíocht i bhfuinneamh in-athnuaite, leis an ngeilleagar ciorclach agus le hiompar inbhuanaithe, agus cruthófar deiseanna nua fostaíochta laistigh den chontae lena gcothófar fás eacnamaíoch agus rathúnas. Beidh comhbhuntáistí ann freisin, amhail slándáil mhéadaithe fuinnimh agus sláinte phoiblí fheabhsaithe agus tacófar leis an bhfís do chontae atá seasmhach ó thaobh na haeráide, saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil.
Sainaithnítear Oileáin Árann mar an Crios Dícharbónaithe (DZ) don Chontae. Limistéar roghnaithe é DZ, ina n-oibríonn údaráis áitiúla agus pobail le chéile chun astaíochtaí a laghdú 51% faoi 2030 agus an méid a fhoghlaimítear a roinnt le pobail eile.
Déanfaidh foireann thiomnaithe laistigh de Chomhairle Chontae na Gaillimhe monatóireacht ar an dul chun cinn a dhéanfar ar Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide Chontae na Gaillimhe 2024-2029 agus tuairisceoidh sí d’fhoireann bainistíochta an Údaráis Áitiúil, Coiste um Beartais Straitéiseacha maidir le Gníomhú ar son na hAeráide agus Bithéagsúlacht, agus do Chomhaltaí Tofa agus gheobhaidh sí treoir uathu.
Tá an Plean ar fáil i mbrainsí Leabharlann Chontae na Gaillimhe agus ar líne thíos.