Cuardaigh

Maoiniú

Fiosraigh na deiseanna maoinithe agus na scéimeanna deontais atá againn chun ealaíona, pobal, saol na tuaithe, áineas, agus turasóireachta a fheabhsú.

Éascaímid raon deontas le haghaidh tionscnaimh:

  • a chabhraíonn le daoine a thabhairt le chéile trí rannpháirtíocht shóisialta agus a théann i ngleic le bacainní roimh dhaoine a bheith rannpháirteach sa tsochaí;
  • a chothaíonn ionchuimsiú sóisialta agus a thacaíonn le himeascadh;
  • a chuireann spórt, turasóireacht agus áineas chun cinn;
  • a cheiliúrann earnáil shaibhir ealaíon agus cultúir na Gaillimhe agus a shaibhríonn a féiniúlacht chultúrtha;
  • agus chuireann borradh faoi fhás eacnamaíochta.

Fógraímid an chuid is mó díobh ar leathanach Cuir Isteach Chomhairle Chontae na Gaillimhe nuair a osclaítear iad le haghaidh iarratas.

Ealaíona agus Cultúr 

Forbairt Pobail 

  • An Ciste Aitheantais Pobail - chun saoráidí áitiúla a fheabhsú i gceantair a chuir fáilte roimh líon mór daoine ón Úcráin agus ó thíortha eile
     
  • Scéimeanna Tacaíochta Pobail
    • Eacnamaíocht - le haghaidh imeachtaí turasóireachta, féilte, agus tionscnaimh forbartha eacnamaíochta eile mar aitheantas ar an méadú ar líon na gcuairteoirí
    • Pobal - le haghaidh grúpaí pobail agus ghrúpaí na mBailte Slachtmhara atá i mbun an ríocht phoiblí, spásanna glasa, agus conláistí poiblí eile a fheabhsú
    • Cultúr - le haghaidh deontais ealaíon, deontais oidhreachta, agus gníomhaíochtaí chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chun feasacht, rannpháirtíocht agus caighdeáin chultúrtha a mhéadú ar fud an Chontae
       
  • Scéim Feabhsúcháin Áitiúil - le haghaidh grúpaí pobail agus deonacha i gContae na Gaillimhe chun cabhrú leo saoráidí a fheabhsú, trealamh a cheannach, agus bunchostais riaracháin a chlúdach, go háirithe i gceantair faoi mhíbhuntáiste

Áineas 

  • Scéim Bonneagair Áineasa Allamuigh (ORIS) - le haghaidh tionscadail a fhorbraíonn nó a fheabhsaíonn conláistí allamuigh faoin tuath in Éirinn, amhail slite siúil agus rothaíochta, cosáin sléibhe, glasbhealaí, páirceanna foraoise, moil ghníomhaíochta allamuigh, comharthaíocht, túis siúlóide, carrchlóis, saoráidí do chuairteoirí, agus ábhair fógraíochta 

Forbairt Tuaithe 

  • CLÁR - le haghaidh tionscadail bhonneagair mhionscála i gcriosanna CLÁR - roinnt ceantair thuaithe atá buailte le leibhéil shuntasacha laghdaithe daonra
     
  • Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte - le haghaidh tionscadal a thacaíonn le hathnuachan lár bailte, athbheochan eacnamaíochta agus sóisialta, cruthú fostaíochta inbhuanaithe, athúsáid foirgneamh folamh nó tréigthe, agus feabhsú spásanna poiblí i mbailte agus sráidbhailte tuaithe

Spórt

Turasóireacht 

  • An Scéim Tacaíochta Pobail - maoiniú le haghaidh tionscadail Turasóireachta agus féilte faoi shnáithe Forbartha Eacnamaíochta na scéime 

Scéim Turasóireachta Athspreagthaí agus Comhfhorbartha Áite um Aistriú Cóir an Aontais Eorpaigh 2023-2026 (Scéim dúnta anois)

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag tacú le Fáilte Éireann i gcur i bhfeidhm na Scéime Turasóireachta Athspreagthaí agus Comhfhorbartha Áite do Lár Tíre na hÉireann 2023-2026 mar chuid de Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir. Mar thoradh ar an scéim seo, beidh infheistíocht agus forbairt turasóireachta i lár na tíre ann, lena n-áirítear Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe do Ghaillimh. Is é aidhm na scéime seo ná an geilleagar réigiúnach a éagsúlú trí phoist a chruthú, tacú le gnáthóga agus bithéagsúlacht agus pobail a chothú. Tá Gníomhachtóir Turasóireachta Contae ar fáil chun cabhrú le gnólachtaí agus pobail rochtain a fháil ar dheiseanna a bhaineann leis an scéim seo.

Tá iarratais ar Scéim Deontais Infheistíochta Turasóireachta Athspreagthaí agus Comhfhorbartha Áite um Aistriú Cóir an Aontais Eorpaigh do FBManna príobháideacha agus pobail dúnta anois.

Tá tacaíocht agus cúnamh leanúnach á gcur ar fáil againn d’iarratasóirí, lena n-áirítear iad siúd nár éirigh leo, maidir le foinsí maoinithe malartacha agus bealaí eile a aithint chun a gcuid tionscadal a chur i gcrích.

Chomh maith le tacaíocht fiontraíochta a sholáthar, cuireann Gníomhachtóir Turasóireachta na Gaillimhe tacaíocht dhíreach ar fáil d’fhiontair turasóireachta trí líonraí turasóireachta. Is é aidhm na líonraí turasóireachta seo ná cumarsáid a dhéanamh agus faisnéis agus saineolas a roinnt lena chéile agus tacú le cuspóirí foriomlána Chroílár Ceilte na hÉireann a bhaint amach.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi thacaíochtaí turasóireachta agus líonraí turasóireachta, déan teagmháil le Gníomhachtóir Turasóireachta na Gaillimhe, Loretta Raftery ag lraftery@galwaycoco.ie nó 087 353 2827

Cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach faoi Chiste an Aontais Eorpaigh um Aistriú Cóir, cuireann an scéim seo cúnamh deontais infheistíochta ar fáil do FBManna príobháideacha agus pobail atá lonnaithe laistigh de Chríoch Aistrithe Cóir an Aontais Eorpaigh chun tionscadail turasóireachta a fhorbairt. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig : www.failteireland.ie/justtransition 

An Rannóg Pobail

Phone numbers