Cuardaigh

Éire Ildánach

Clár cultúir agus folláine uile-rialtais is ea Clár Éire Ildánach a bhfuil sé mar uaillmhian aige daoine, áiteanna agus pobail a spreagadh agus a bhunathrú le cruthaitheacht. Tá Éire Ildánach tiomanta don fhís gur chóir go mbeidh an deis ag gach duine in Éirinn lán a chumais chruthaithigh a bhaint amach.

Foireann Éire Ildánach

Comhordaitheoir Éire Ildánach – Sharon O’Grady

Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Ildánacha - Valerie Kelly

Riarthóir Éire Ildánach - Ramona Burke

Pobail Ildánacha 

I ngach ceann de na 31 údarás áitiúil, bhunaigh Clár Éire Ildánach Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta a thugann saineolas áitiúil maidir le healaíona, oidhreacht, leabharlanna, fiontar agus rannpháirtíocht phobail le chéile, chun comhoibriú a chothú agus tionscnaimh nua a spreagadh. Ceapadh Comhordaitheoir Cláir Éire Ildánacha agus Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Ildánacha i ngach údarás áitiúil. 

I gContae na Gaillimhe, úsáidtear maoiniú Éire Ildánach chun tacú le tionscnaimh chruthaitheacha faoi stiúir an phobail tríd an bhfoireann Cultúir agus Cruthaitheachta, Glao Oscailte bliantúil, agus Tionscadail Shuaitheanta, chomh maith le Lá Náisiúnta Cruthaitheachta do Pháistí agus Daoine Óga, Cruinniú na nÓg.  

Glao Oscailte 2026

Tá Glao Oscailte Éire Chruthaitheach Chomhairle Chontae na Gaillimhe 2026 ag glacadh le hiarratais anois. Tosaigh ar d’iarratas ar galwaycoco.submit.com. Dúnfar na hiarratais Dé hAoine an 23 Eanáir 2026. 

Le haghaidh na faisnéise is déanaí maidir le deiseanna maoinithe, bí ag féachaint ar an leathanach seo, chomh maith lenár meáin shóisialta, go rialta, nó déan teagmháil lecreativeireland@galwaycoco.ie  

Cruinniú na nÓg 2026

Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn an 6ú Meitheamh. Chun iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, féach an cluaisín Cruinniú na nÓg thíos nó déan teagmháil le creativeireland@galwaycoco.ie 

 

Coinnigh i dteagmháil le Éire Ildánach Chontae na Gaillimhe

Má tá ceist agat maidir le Éire Ildánach, cuir ríomhphost chugainn agus fillfimid ort

Phone numbers

Fón