Cuardaigh

An Scéim Tacaíochta Ealaíontóirí

Tá an Scéim Tacaíochta Ealaíontóirí 2026 oscailte. Is é an spriocdháta d’iarratais ná 4:00 i.n. Dé Máirt 03 Feabhra 2026.

Is é cuspóir na scéime seo ná cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíon agus a ngairm ealaíne a fhorbairt. Tá an scéim oscailte do ealaíontóirí gairmiúla atá ina gcónaí i gContae na Gaillimhe ag gach céim dá ngairm, ag obair in aon fhoirm ealaíne agus comhthéacs.

Is féidir le h'ealaíontóirí iarratas ar thacaíocht a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:

  1. Taighde, forbairt nó cur i láthair saothair nua a mbeidh tionchar mór aige ar dhul chun cinn shlí bheatha an iarratasóra.
  2. Meantóireacht ghearrthéarmach nó tacaíochtaí forbartha gairmiúla leanúnacha a léireoidh go mbeidh buntáiste i gceist leo do chleachtas an ealaíontóra. D’fhéadfadh rannpháirtíocht ar chúrsaí gearrthéarmacha, cónaitheachtaí, saincheardlanna, meantóireacht etc. a bheith san áireamh mar chuid de seo. Ní chun staidéar tríú leibhéal fochéime ná staidéar leanúnach a mhaoiniú an deontas seo.
  3. Ábhair, costais taispeántais, trealamh a fháil ar cíos agus/nó táillí i dtreo saineolas tríú páirtí. Ní mór do na costais sin a bheith intreach don phróiseas cruthaitheach nó do tháirgeadh agus scaipeadh an togra.

Cé atá incháilithe chun iarratas a dhéanamh?
Tá an dámhachtain seo oscailte do gach ealaíontóir gairmiúil cleachtach, i ngach foirm ealaíne agus comhthéacs. Chun a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh, caithfidh an t-iarratasóir cónaí i gceantar údaráis áitiúil Chontae na Gaillimhe. 

Cé mhéid is féidir liom iarratas a dhéanamh air?
Is é an t-uasmhéid dámhachtana a thairgtear ná €3,000 agus is minic a dhéantar dámhachtainí ar mhéideanna níos lú. Tabhair faoi deara gurb é an meán-dámhachtain a rinneadh faoin scéim seo in 2025 ná €2,178. Tá €34,000 ar fáil don chiste iomlán do 2026. Bronnfar suas le €9,000 ar ealaíontóirí atá sna céimeanna tosaigh dá ngairm bheatha.

Is é an spriocdháta d’iarratais ná 4:00 i.n. Dé Máirt 03 Feabhra 2026.

Má tá ceisteanna agat faoi iarratas a dhéanamh, seol ríomhphost chuig: artsoffice@galwaycoco.ie.

Cliceáil anseo le haghaidh treoirlínte agus foirm iarratais na Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí: https://galwaycoco.submit.com/show/145

 

Scéim Tacaíochta Ealaíontóirí 2026: Tar agus Cuir Ceisteanna
Táimid ag óstáil dhá sheisiún ar líne d’iarratasóirí ar Scéim Tacaíochta Ealaíontóirí. Bí linn chun do cheisteanna faoi d’iarratas a ullmhú agus a chur isteach a phlé.

Déardaoin 15 Eanáir ag 7i.n.
Clárú anseo: https://events.teams.microsoft.com/.../447eabc1-3994-45e2...

Déardaoin 22 Eanáir ag 1i.n
Clárú anseo: https://events.teams.microsoft.com/.../e86fbb0e-32cc-454b...

 

Liosta na n-ealaíontóirí a fuair dámhachtain sa bhliain 2025

Alannah Robins
Anne Marie Deacy
Brigid Mulligan
Ciara Broderick
Fiona Hanley
Fionnuala Quinn
Grace Dyas
James Skerritt
Jamie Toomey
Karen Dervan
Matthew Noone
Melisande Souef
Sinead Pokall
Sorsha Galvin

Liosta na n-ealaíontóirí a fuair dámhachtain sa bhliain 2024

Claire-Louise Bennett
Debbie Wright
Fiona Hession
Helena Kilty
Jennifer Cunningham
Magdalena Hylak
Niamh St John
Noelle Gallagher
Phillida Eves
Sarah Deane
Tadhg Ó Cuirrín
Tristan Heanue

Liosta na n-ealaíontóirí a fuair dámhachtain sa bhliain 2023

Alannah Robins
Anne Marie Deacy
Brigid Mulligan
Bryony Hussey
Ceara Conway
Emma O'Grady
Hilary Woods
Louise Manifold
Noeline Kavanagh
Samir Mahmood
Selma Makela

Liosta na n-ealaíontóirí a fuair dámhachtain sa bhliain 2022

Andreea Banciu
Jennifer Cunningham
Jessie Keenan
Joanna McGlynn
Magdalena Hylak
Márie Robinson
Noreen Burke
Peadar-Tom Mercier
Ronan Connor
Stephanie Dufresne
Tadhg Ó Cuirínn
Tom Portman
Tracy Gaughan
Veronika Straberger
Yvonne Kane