Cuireann an Scéim ÍCT do Dhaoine Gan Dídean (Aimsitheoir Áite) tacaíochtaí breise airgeadais agus tacaíochtaí eile lena mbaineann do thionóntaí agus do thiarnaí talún, mar aon le gach sochar atá mar chuid den scéim náisiúnta ÍCT.
Mura bhfuil áit chónaithe agat agus mura acmhainn duit tithíocht a fháil leat féin, féadfaidh an Chomhairle a mheas gur duine gan dídean thú. Is féidir leo cabhrú le háiteanna éigeandála le fanacht, amhail brúnna, tithe leaba is bricfeasta, nó tithíocht speisialta do dhaoine in am an ghátair.
Is é aidhm Chomhairle Chontae na Gaillimhe ná caighdeán beatha mhuintir na Gaillimhe a fheabhsú trí thacaíocht tithíochta chuí a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar.