Tacaímid le tionscnaimh a spreagann rannpháirtíocht agus ionadaíocht phobail, a chuireann deiseanna maoinithe ar fáil a chuireann ionchuimsiú agus folláine chun cinn.
Plean sé bliana atá in LECP Chontae na Gaillimhe a bhfuil sé mar aidhm aige forbairt eacnamaíochta agus pobail a chur chun cinn ar fud Chontae na Gaillimhe.
Bunaíodh ciste chun bonneagar agus saoráidí a fhorbairt mar aitheantas ar na hiarrachtaí atá déanta ag pobail chun tacú le Daoine Nua a tháinig isteach ón Úcráin agus ó thíortha eile.
Tallann áitiúil a cheiliúradh trí ghradaim a thugann aitheantas d'éachtaí, a spreagann rannpháirtíocht, agus a chuireann bród agus buíochas chun cinn ar fud an phobail.
Scéim maoinithe le haghaidh tionscadail bhonneagair mhionscála i gcriosanna CLÁR; ceantair thuaithe atá buailte le leibhéil shuntasacha laghdaithe daonra.
Cruinnithe pobalbhunaithe a chuireann spás sábháilte, fáilteach ar fáil do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu agus dá gcúramóirí chun ceangal le chéile, eispéiris a roinnt, agus rochtain a fháil ar thacaíocht trí ghníomhaíochtaí sóisialta agus oideachasúla.