Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe – Seirbhísí Aoisbháúla
Tá Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe bródúil as a bheith mar chuid den tionscnamh Éire Aoisbháúil. Ba mhaith linn go mbeadh fáilte roimh chách inár leabharlanna, go háirithe daoine scothaosta. Tá ár seirbhísí ceaptha le bheith éasca le húsáid, cuimsitheach agus taitneamhach do chách.
Cuirtear Fáilte is Fiche Romhat
Nuair a thugann tú cuairt ar aon cheann dár leabharlanna, gheobhaidh tú:
- Foireann chairdiúil atá sásta cabhrú leat.
- Spásanna compordacha chun suí síos agus do scíth a ligean.
- Cabhair chun leabhair a aimsiú a mbainfidh tú taitneamh astu.
- Tacaíocht le meaisíní féinseirbhíse agus acmhainní ar líne.
Is féidir lenár bhfoireann eolas a chur ort faoi imeachtaí atá le teacht agus cabhrú leat páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí amhail:
- Clubanna leabhar
- Grúpaí ceardaíochta
- Cluichí Scrabble
- Agus níos mó!
Seirbhísí Cabhracha sa Leabharlann
Chun an léitheoireacht a dhéanamh níos éasca, cuirimid an méid seo a leanas ar fáil:
- Spéaclaí léitheoireachta agus gloiní formhéadúcháin ar iasacht.
- Leabhair i gcló mór le haghaidh léitheoireachta compordaí.
- Ríomhleabhair ar ár n-aip BorrowBox app, áit ar féidir leat méid agus stíl an chló a athrú chun freastal ar do chuid riachtanas.
Más fearr leat a bheith ag éisteacht le leabhair:
- Tá leabhair ar CD againn.
- Is féidir leat éisteacht le ríomh-chlosleabhair freisin trí úsáid a bhaint as an aip BorrowBox ar do ghuthán cliste nó taibléad.
- Is féidir le húsáideoirí lagamhairc leas a bhaint as ár seirbhís poist closleabhar.
Dóibh siúd a úsáideann ríomhairí:
- Tá ríomhairí le méarchláir a bhfuil eochracha móra acu i roinnt brainsí, atá níos éasca le húsáid má tá radharc lag nó méara righne agat.
Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar ár leathanaigh Acmhainní ar Líne agus Seirbhísí agus Cláir.
Cuairt a Thabhairt ar an Leabharlann
Tá sé níos fusa cuairt a thabhairt ar ár leabharlanna anois:
- Tá comharthaí atá feiliúnach do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu i Leabharlanna Chathair na Gaillimhe agus an Taoibh Thiar.
- Tá cathaoireacha aoisbháúla ag go leor brainsí le tacaíocht mhaith don droim agus don lámh.
- Tá tralaithe leabhair i roinnt leabharlann chun cabhrú leat leabhair a iompar agus tú ag brabhsáil.
Ag Teacht Anseo
Tuigimid gur féidir le riachtanais iompair athrú le haois. Sin é an fáth a chuireann go leor dár leabharlanna an méid seo a leanas ar fáil:
- Spásanna páirceála inrochtana d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí agus do chuairteoirí níos sine.
- Páirceáil rothair ag roinnt suíomhanna.
Imeachtaí do Chuile Duine
Bíonn imeachtaí saor in aisce againn i rith na bliana, go háirithe le linn Fhéile na Bealtaine, a cheiliúrann cruthaitheacht i measc daoine scothaosta.
B’fhéidir go mbeadh gá le háirithint a dhéanamh le haghaidh roinnt imeachtaí mura bhfuil mórán spáis ann. Chun a bheith ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú:
- Téigh do dtí ár leathanach Cad atá ar Siúl?
- Nó cuir ceist ag do leabharlann áitiúil