Cuardaigh

Seirbhís Seachadta Baile Closleabhar

<p>Seolaimid leabhair ar CD go díreach chuig daoine atá lagamhairc nó atá gafa sa teach</p>

Maidir leis an tseirbhís

Déanann an tSeirbhís Seachadta Baile Closleabhar leabhair ar CD a sheachadadh chuig tithe daoine saor in aisce. Tá an tseirbhís oiriúnach do dhaoine atá gafa sa teach nó atá lagamhairc nó do dhaoine a bhfuil deacracht acu dul chuig leabharlann mar gheall ar chúinsí eile.

Cuireadh tús leis an tseirbhís sa bhliain 1974 agus bhí sí á hoibriú ar dtús ó Cheanncheathrú Leabharlann Chathair agus Chontae na Gaillimhe. I mí Eanáir 2020 bhog an tseirbhís go dtí a suíomh nua i Leabharlann an Bhaile Bháin. Is aidhm leis an tseirbhís deireadh a chur le bacainní ar rochtain a fháil ar leabhair agus ar léitheoireacht ar mhaithe le pléisiúr do gach ball den phobal.

Cad atá againn

Tá bailiúchán fairsing againn de bhreis is 500 leabhar ar CD ar ár seilfeanna i Leabharlann an Bhaile Bháin. Tá scéalta neamhfhicsin, grá, ficsin agus coirscéalta coitianta sa bhailiúchán. Más fearr leat cuairt a thabhairt ar an leabharlann agus brabhsáil tríd an mbailiúchán closleabhar, is féidir leat é sin a dhéanamh. Is féidir linn closleabhair a iarraidh ó leabharlanna eile freisin mura bhfuil an rud atá uait againn ar ár seilfeanna.

Conas a oibríonn an tseirbhís

Feidhmíonn an tseirbhís i gcomhpháirtíocht le An Post. Chun páirt a ghlacadh sa tSeirbhís Seachadta Closleabhar, cuir glaoch orainn ar 091 509244 nó seol ríomhphost chugainn ag ballybane@galwaycoco.ie agus cláróimid thú. 

Seolfaimid rogha closleabhair chugat sa phost ansin, mar aon le lipéad speisialta fillte. Nuair a bheidh tú críochnaithe ag éisteacht leis na leabhair, seol ar ais iad leis an saorphost, sa chlúdach inar tháinig siad leis an lipéad speisialta ceangailte leis.