Cuardaigh

Éire Shláintiúil ag do Leabharlann

Faisnéis sláinte, leabhair agus imeachtaí i do leabharlann.

Is cuid de thionscnamh náisiúnta é Éire Shláintiúil i do Leabharlann atá dírithe ar thacú  le hÉirinn níos sláintiúla trí dhíriú ar chosc, ar fheasacht aonair agus ar dhaoine a choinneáil sláintiúil ar feadh tréimhse níos faide.  

Is soláthraithe iontaofa faisnéise sláinte iad leabharlanna le fada an lá, agus anois tá bailiúchán sonrach leabhar a bhaineann leis an tsláinte ag gach leabharlann in Éirinn – bailiúchán Éire Shláintiúil. Tá na leabhair seo roghnaithe ag gairmithe cúram sláinte agus leabharlannaithe chun cabhrú leat: 

  • Foghlaim faoi riochtaí sláinte éagsúla 

  • Tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist le diagnóis duit féin nó do dhuine muinteartha 

  • Stíl mhaireachtála níos sláintiúla a fhorbairt 

  • Tuiscint a fháil ar an gcaoi a maireann daoine eile le riocht ar leith. 

Tá leabhair chlóite agus ríomhleabhair ar fáil, chomh maith le líon teoranta ríomh-chlosleabhair. Tá liosta de na leabhair sa bhailiúchán ar fáil ar shuíomh gréasáin Leabharlanna na hÉireann, agus tá leabhair nua á gcur leis an t-am ar fad. 

 

Imeachtaí Éire Shláintiúil 

I rith na bliana, bíonn cainteanna ar ábhair éagsúla ar siúl ó ghairmithe cúram sláinte i Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe. Bíonn gníomhaíochtaí amhail Ióga Cathaoireacha, Machnamh agus Aireachas, seisiúin Feasachta Cothaithe agus i bhfad níos mó againn freisin. Tá na gníomhaíochtaí seo go léir saor in aisce, ach b’fhéidir go mbeadh ort áit a chur in áirithe mar go bhféadfadh líon teoranta áiteanna a bheith ann. Téigh i dteagmháil le do leabharlann áitiúil le tuilleadh eolais a fháil faoi na rudaí atá ag tarlú.  

Chun na hagallaimh agus na cainteanna Éire Shláintiúil atá ar fáil a fheiceáil, tabhair cuairt ar ár gcainéal YouTube.

 

Acmhainní sa bhreis 

Chomh maith le leabhair, is féidir leat rochtain a fháil ar réimse irisí aclaíochta, sláinte agus folláine ar ár n-aip BorrowBox tríd an táb ríomhirisí a roghnú.