Cuardaigh

Ceantair Bhardasacha

Sonraí ar na cúig Cheantar Bardasach i gContae na Gaillimhe.

Cruinnithe Ceantair Bhardasacha

Tá Contae na Gaillimhe roinnte ina 5 Cheantar Bardasach. Déanann Comhaltaí Tofa ionadaíocht ar an gCeantar Bardasach agus ar an gContae araon.

Déanann an Chomhairle Thofa beartais don Chontae.  Déanann comhaltaí den Cheantar Bardasach cinntí dá gceantar mar chuid den Chomhairle fhoriomlán. Tá cumhachtaí dlíthiúla áirithe ar a dtugtar 'Feidhmeanna Forchoimeádta' ag Comhairlí tofa, bíodh siad ar leibhéal an Chontae nó an Cheantair Bhardasaigh.

Ceantair Bhardasacha Chontae na Gaillimhe:

  • Ceantar Bardasach Bhaile Átha an Rí
    Clúdaíonn sé toghcheantar áitiúil Bhaile Átha an Rí-Órán Mór
  • Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe
    Clúdaíonn sé toghcheantar áitiúil Bhéal Átha na Sluaighe
  • Ceantar Bardasach Chonamara
    Clúdaíonn sé toghcheantair áitiúla Chonamara Thuaidh agus Chonamara Theas
  • Ceantar Bardasach Bhaile Locha Riach
    Clúdaíonn sé toghcheantair áitiúla Bhaile Locha Riach agus an Ghoirt-Chinn Mhara
  • Ceantar Bardasach Thuama
    Clúdaíonn sé toghcheantar áitiúil Thuama

Cláir Oibre agus Miontuairiscí

Is féidir cláir agus miontuairiscí do chruinnithe Cheantar Bardasach na Comhairle a fháil ar leathanach miontuairiscí chruinnithe na comhairle.