Forbairt tuaithe agus áineasa
Is tírdhreach tuaithe é Contae na Gaillimhe den chuid is mó, agus 75.6% dá dhaonra ina gcónaí i gceantair thuaithe, rud atá níos airde ná an ráta náisiúnta de 36.3% (An Plean Forbartha Eacnamaíochta Áitiúil lch. 14) rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí fós infheistíocht a dhéanamh in inrochtaineacht seirbhíse, saoráidí áineasa agus conláistí pobail áitiúla.
Tacaíonn Forbairt Tuaithe agus Áineasa laistigh de Chomhairle Chontae na Gaillimhe le fás agus feabhsú na mbailte agus na sráidbhailte tuaithe sin trí obair i gcomhar le grúpaí pobail agus le páirtithe leasmhara tábhachtacha eile. Tá tionscnaimh, scéimeanna deontais agus eagraíochtaí éagsúla ann a chabhraíonn le bailte agus sráidbhailte ar fud Chontae na Gaillimhe a fhorbairt, lena n-áirítear an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, Sráidbhailte Cliste, Clár LEADER, CLÁR, ORIS, i measc rudaí eile.
I gceartlár na gclár seo atá an cuspóir chun folláine ár bpobal tuaithe a choinneáil, ionchuimsiú a chur chun cinn chun tosaíocht a thabhairt dá riachtanais siúd atá eisiata ó thaobh na sochaí agus gheilleagair de, nó atá ag fulaingt mar gheall ar aonrú tuaithe agus a chinntiú go bhfuil an seans céanna acu dea-chaighdeán beatha a fháil, agus tacú le saoráidí cultúrtha, áineasa agus pobail riachtanacha a fhorbairt. Cinntítear leis seo nach amháin go bhfuil ár lonnaíochtaí tuaithe tarraingteach agus bisiúil mar áiteanna chun cónaí agus obair iontu, ach gur áiteanna inbhuanaithe iad a gcaithfidh daoine a saol iomlán iontu más rogha leo.