Cuardaigh

An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC)

Coiste a chomhordaíonn, a phleanálann agus a dhéanann maoirseacht ar fhorbairt áitiúil agus phobail i gContae na Gaillimhe.

LCDC logo

Cad é an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC)?

Bunaíodh LCDC Chontae na Gaillimhe in 2014 faoin bpróiseas leasaithe rialtais áitiúil, chun cur chuige comhtháthaithe maidir le forbairt áitiúil agus pobail a fhorbairt, a chomhordú agus a chur i bhfeidhm. Tá an coiste comhdhéanta le hionadaithe ón gComhairle Contae agus cuideachtaí forbartha áitiúla, comhlachtaí poiblí agus ionadaithe ó pháirtithe leasmhara sóisialta, eacnamaíochta, timpeallachta agus pobail. Fochoiste de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe is ea an LCDC ach tá sé neamhspleách i dtaca lena bhfeidhmeanna a chur i ngníomh.

In 2024 sheol LCDC Chontae na Gaillimhe a Phlean Áitiúil agus Eacnamaíochta Pobail (LECP) sé bliana, 2024 go 2030, lena n-áirítear bearta chun dul i ngleic le bochtaineacht agus míbhuntáiste, tacú le fiontar, fostaíocht agus oiliúint, bonneagar pobail a fhorbairt agus forbairt eacnamaíochta a chur chun cinn.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil ar an LECP agus chun LECP 2024-2030 do Chontae na Gaillimhe a fheiceáil, cliceáil ar an nasc thíos le do thoil.

Tá an LCDC freagrach freisin as caiteachas forbartha áitiúil agus pobail sa Chontae a phleanáil agus maoirseacht a dhéanamh air, mar shampla Ciste Éire Shláintiúil, Feabhsú Pobail, Cumhachtú Pobal agus Cláir SICAP. Tá na cláir seo i gcomhréir leis an LECP ó thaobh straitéise de.

Ballraíocht LCDC

Tá 19 ball ag LCDC Chontae na Gaillimhe ó na  hearnálacha seo a leanas (comhpháirtithe socheacnamaíochta poiblí agus príobháideacha):

  • Comhaltaí Údaráis Áitiúil
  • Oifigigh na nÚdarás Áitiúil
  • Gníomhaireachtaí Stáit
  • Comhlachtaí um Fhorbairt Áitiúil & Forbairt Pobail
  • Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha Lucht Ionchuimsithe Shóisialta agus Comhshaoil
  • Lucht Fostóirí agus Gnó
  • Lucht Talmhaíochta / Feirmeoireachta

Liosta bhaill an LCDC - Meitheamh 2025

LCDC Ainm: LCDC Chontae na Gaillimhe

Cathaoirleach: An Clr. Michael Connolly

Leas Cathaoirleach: An Clr. Pádraig Mac an Iomaire

Príomhoifigeach: Kieran Coyne

Lucht Reachtúil
Earnáil Ainm Comhlacht
Comhaltaí Tofa na nÚdarás Áitiúil  An Clr. Michael Connolly (Cathaoirleach) Comhairle Chontae na Gaillimhe 
An Clr. Pádraig Mac An Iomaire (Leas-Chathaoirleach) Comhairle Chontae na Gaillimhe 
An Clr. James Charity Comhairle Chontae na Gaillimhe
Oifigigh na nÚdarás  Michael Owens Comhairle Chontae na Gaillimhe, Stiúrthóir Seirbhísí, Seirbhísí Corparáideacha agus Tuaithe, Forbairt agus Imeascadh Pobail agus Turasóireacht
Caroline McDonagh Oifig Fiontair Áitiúil (LEO), Ceann Fiontair
Gníomhaireachtaí Stáit  Laurence Gaughan Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte Bainisteoir Tionscadal Áitiúil, Cúram Sláinte Pobail an Iarthair
Regina Higgins An Roinn Coimirce Sóisialaí, Bainisteoir Réigiúnach
Dónal Walsh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, Oifigeach Oideachais d'Aosaigh
Seán Ó Coisdealbha Údarás na Gaeltachta, Bainisteoir Réigiúnach
Lucht Neamhreachtúil
Earnáil Ainm Comhlacht
Forbairt Áitiúil agus Pobail  Steve Dolan Forbairt Tuaithe na Gaillimhe, Príomhoifigeach Feidhmeannach
Karen Mannion FÓRAM Chonamara, Príomhoifigeach Feidhmeannach
Máire Uí Mhaoláin Comhar na nOileán CTR, Príomhoifigeach Feidhmeannach
Ionchuimsiú Sóisialta  Peter Gohery PPN Chontae na Gaillimhe, Coláiste Ionchuimsithe Shóisialta 
Kevin Gavin PPN Chontae na Gaillimhe, Coláiste Ionchuimsithe Shóisialta
Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha  Folamh PPN Chontae na Gaillimhe, Coláiste Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha 
Gerard Costello PPN Chontae na Gaillimhe, Coláiste Eagraíochtaí Pobail agus Deonacha
Comhshaol  Folamh PPN Chontae na Gaillimhe, Coláiste Comhshaoil 
Lucht Fostóirí agus Gnó Eveanna Ryan Comhlachas Tráchtála na Gaillimhe, Uachtarán
Lucht Talmhaíochta agus Feirmeoireachta Anne Mitchell Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Cathaoirleach

Ceisteanna

An Rannóg Pobail

Phone numbers

Phone