I mBabhta 1 de Chiste Éire Shláintiúil, cuireadh 11 thionscadal i bhfeidhm ar fud Chontae na Gaillimhe. Chuir roinnt mórpháirtithe na tionscadail seo i bhfeidhm lena n-áirítear Fondúireacht Coiste Seirbhísí Leanaí agus Óige, Gluaiseacht Lucht Taistil na Gaillimhe, Forbairt an Lucht Siúil agus Forbairt Idirchultúrtha, Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, SEIF an Iarthair agus Réigiún Eorpach na Gastranamaíochta. Agus teagmháil déanta le breis is 500 duine ar fud an Chontae, d'éirigh go fíormhaith leis an gcéad bhabhta, agus bhí rannpháirtíocht mhór phobail sna himeachtaí.
Cad is Éire Shláintiúil ann?
Tionscnamh faoi stiúir an rialtais is ea Éire Shláintiúil a bhfuil sé mar aidhm aige sochaí Éireannach a chruthú inar féidir le gach duine taitneamh a bhaint as sláinte fhisiceach agus mheabhrach, agus ina gcuirtear luach ar an bhfolláine agus ina dtacaítear léi ag gach leibhéal den tsochaí.
Tháinig Éire Shláintiúil ar an saol mar gheall ar an imní mar thoradh ar stádas sláinte daoine a chónaíonn in Éirinn – lena n-áirítear treochtaí stíleanna maireachtála – go mbeidh todhchaí againn a bheidh chomh míshláintiúil sin go mbeidh sé contúirteach agus an chosúlacht air go mbeith sí róchostasach. An iliomad contúirtí atá ann do shláinte agus folláine daoine a chónaíonn in Éirinn agus cuid acu an-fhollasach: ceisteanna maidir le rómheáchan agus murtall, meabhairshláinte, caitheamh tobac, alcól agus drugaí. Tá Éire Shláintiúil ag iarraidh faisnéis chruinn a chur ar fáil do dhaoine agus do phobail maidir le conas a sláinte agus a bhfolláine a fheabhsú agus tá sé ag iarraidh iad a chumhachtú agus a spreagadh chun an rogha éasca a dhéanamh den rogha shláintiúil.

Straitéis Trí Bliana
Sprioc Chlár Chontae na Gaillimhe Sláintiúil do 2022-2025
Conas a bhainfimid é seo amach?
Tá sé i gceist ag Éire Shláintiúil aghaidh a thabhairt air seo trí shé théama tosaíochta:
- Téama 1: Gníomhaíocht Fhisiceach
- Téama 2: Meabhairshláinte
- Téama 3: Cothúchán
- Téama 4: Sláinte Ghnéasach
- Téama 5: Tobac agus Alcóil
- Téama 6: Spásanna agus Áiteanna le haghaidh Sláinte agus Folláine
Tá a fhios againn anois gur iomaí rud a imríonn tionchar ar shláinte agus folláine duine, amhail leibhéal oideachais, ioncam, coinníollacha tithíochta agus oibríonn, agus is iad beartais shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíochta a chinneann a leithéid, rudaí nach bhfuil faoi chúram díreach na hearnála sláinte Mar gheall ar an tuiscint seo, éilítear gur chóir cur chuige comhpháirtíochta a bheith ann i ngach beart atá ar siúl ag Éire Shláintiúil chun Éire níos sláintiúla a bhaint amach. Ní féidir leis an earnáil sláinte dul i ngleic leis na fadhbanna seo aisti féin – ní mór dúinn i gcoiteann ár gcur chuige a athrú.
Rialachas agus Struchtúr
Bunaíodh Gaillimh Shláintiúil i mí Mheán Fómhair, 2018. cuirtear Contae na Gaillimhe Sláintiúil ar fáil trí Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC) Chontae na Gaillimhe, trí fhoghrúpa atá comhdhéanta de chomhpháirtíocht idirghníomhaireachta ó raon ionadaíoch páirtithe leasmhara, lena n-áirítear FSS, Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe, Coiste Seirbhísí Leanaí & Óige, An Clár Aoisbháúil, agus tuilleadh nach iad.
Rinne an Fo-Ghrúpa sin maoirseacht ar riar 3 bhabhta maoinithe ó Chiste Éire Shláintiúil na Roinne Sláinte go dtí seo, agus chuir sé na tionscadail liostaithe thíos i bhfeidhm.
Babhta 1: Meán Fómhair 2017 go Meitheamh 2018
Babhta 2: Meitheamh 2018 go Meitheamh 2019
Chuir Babhta 2 de Chiste Éire Shláintiúil leis an dea-obair a baineadh amach i mBabhta 1, agus cuireadh bearta 5 thionscadal i bhfeidhm maidir le meabhairshláinte, stíl mhaireachtála agus cothúchán, sláinte ghnéasach agus clóis súgartha saor ó thobac. Reáchtáladh Laethanta Sláinte agus Folláine ar fud an Chontae agus na nOileán. Rinneadh teagmháil le breis is 900 duine sa chontae agus méadaíodh an rannpháirtíocht uathu siúd atá i leithlisiú sóisialta, lena n-áirítear grúpaí gníomhaíochta lucht scor agus pobail feirmeoireachta agus bhí babhta rathúil eile de Thionscnamh Chontae na Gaillimhe Sláintiúil.
Babhta 3: Iúil 2019 go Iúil 2021
- Cónaidhm na hÉireann um Míchumas – clár oiliúna chun Scileanna Maireachtála Neamhspleáiche a fheabhsú d'Aosaigh faoi Mhíchumas
- Comhairle Chontae na Gaillimhe – Healthy Food Made Easy – cur chuige faoi stiúir an phobail chun eolas agus scileanna maidir le cothúchán agus cócaireacht a fheabhsú trí chúrsaí 6 seachtaine a chur ar fáil in ionaid phobail
- Comhpháirtíocht Spóirt na Gaillimhe – cuireadh tús le tionscadal Slite Bhéal Átha na Sluaighe a thabhairt chun críche faoi Bhabhta 1 den mhaoiniú agus clár Go For Life do dhaoine scothaosta faoi stiúir an phobail a chur i bhfeidhm in ionaid phobail
- SEIF AN IARTHAIR – Clár Oideachais Sláinte Gnéasaí a chur i bhfeidhm in Ionaid Phobail
- Comhairle Chontae na Gaillimhe – tabhairt faoi Shraith Straitéisí phíolótach Bailte agus Sráidbhailte do Bhaile an Mhuilinn, Chontae na Gaillimhe, chun áiteanna agus spásanna le haghaidh sláinte agus folláine a aithint
- Tionscnaimh Mheabhairshláinte amhail Ceardlanna um Smacht a Thógáil agus Ceardlanna um Rialú Struis chomh maith le feachtas cumarsáide maidir leis an tábhacht a bhaineann le meabhairshláinte a chothú
- Scéim Deontais Meabhairshláinte Pobail – chun deontais mhionscála a chur ar fáil do Ghrúpaí Pobail agus Deonacha chun tionscnaimh mheabhairshláinte a chur i bhfeidhm ina gceantair áitiúla
Chun tuilleadh sonraí a fháil ar aon cheann díobh seo déan teagmháil le do thoil le healthandwellbeing@galwaycoco.ie
Téigh i dteagmháil
Adele Rankin, Comhordaitheoir Contae na Gaillimhe Sláintiúil