Leithdháil Gaillimh Shláintiúil €30,000 san iomlán chun tacú le tionscadail phobail, agus deontais idir €1,000 agus €5,000 a chur ar fáil. Bhí tionscadail le cur i gcrích roimh an 30 Samhain, 2024, agus maoiniú dírithe go príomha ar threalamh agus ábhair a cheannach chun rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sóisialta agus fóillíochta a éascú.
Bhí sé mar aidhm ag tograí an tionscadail ná méadú a léiriú ar an líon duine atá i mbun gníomhaíochtaí rialta agus inbhuanaithe sóisialta agus fóillíochta, le béim ar leith ar na spriocghrúpaí seo a leanas: An Pobal i gCoitinne, Daoine Scothaosta, Daoine faoi Mhíchumas, agus an Óige.
Cuireadh fáilte roimh thograí ó aon ghrúpa pobail nó deonach seachbhrabúsach a bhfuil garraí pobail á bhainistiú acu atá ar fáil saor in aisce don phobal trí chéile. Ba é an aidhm a bhí leis ná deiseanna nasctha shóisialta a fheabhsú do dhaoine scothaosta, leithlisiú a laghdú, agus tacú le folláine fhisiceach, mheabhrach agus mhothúchánach.
Aiseolas
Bhí ríméad orainn a bheith curtha san áireamh i gciste Chontae na Gaillimhe Sláintiúil don Deontas Garraithe Pobail. Bhíomar in ann balla dreaptha a cheannach ó ghnólacht áitiúil Smallwall School Products. Cuireann sé go mór lenár ngarraí. Tá tacaíocht do gharraithe pobail an-tábhachtach mar go minic níl de spásanna glasa i roinnt bailte ach iad. Buíochas mór libh!
"Leis an maoiniú a dámhadh, tá infheistíocht mhór déanta inár bpáirc phobail agus ár ngarraí pobail."
Gailearaí
| Garraí Pobail Áth Cinn |
![]() |
| Garraí Pobail an Droichid Nua |
![]() ![]() |
| Garraí Pobail Mhainistir Chnoc Muaidhe |
|
|
| Garraí Pobail Chúil Fobhair |
|
|





