Cinntíonn an rannóg Bainistíochta Forbartha go ndéantar pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe tionscadal i gcomhréir le beartas pleanála náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil.
Liostaí seachtainiúla d’iarratais phleanála lena n-áirítear iarratais bhailí agus neamhbhailí a fuarthas, iarratais a deonaíodh, iarratais a diúltaíodh, iarratais a tarraingíodh siar, tuilleadh eolais a fuarthas, tuilleadh eolais iarrtha, achomhairc a taisceadh leis an mBord Pleanála agus cinntí a chuir an Bord Pleanála in iúl.
Is próiseas dlíthiúil foirmiúil é tógáil i gcúram trína n-aistrítear freagracht as limistéir phoiblí, struchtúir agus seirbhísí áirithe i bhforbraíocht chónaithe phríobháideach nó in eastát chuig údarás áitiúil, nó trína gcuirtear faoina gcúram é.