Séanadh
Síníodh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2024 ina dhlí an 17 Deireadh Fómhair 2024. Tá an tAcht á chur i bhfeidhm de réir a chéile chun aistriú rianúil ón reachtaíocht reatha go dtí an reachtaíocht nua a éascú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil socruithe idirthréimhseacha i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo go bhfanann gnéithe áirithe de chuid obair Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir na reachtaíochta roimhe seo le linn na tréimhse seo. Déanfar an suíomh gréasáin seo a nuashonrú a luaithe is féidir chun teacht le cur i bhfeidhm na gcodanna éagsúla den Acht.
Tá eolas maidir le cur i bhfeidhm an Achta ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.