Páirt a ghlacach i gclub leabhar
Is bealach iontach atá ann chun páirt a ghlacadh i gclub leabhar atá ann cheana féin chun aithne a chur ar dhaoine i do cheantar agus leabhair a phiocadh suas nach mbeadh léite agat murach sin. Déanann go leor dár leabharlanna clubanna míosúla leabhar a óstáil do dhaoine fásta, do dhéagóirí agus do leanaí. Féach ar imeachtaí ár ngrúpaí leabhar, nó déan teagmháil le do bhrainse leabharlainne áitiúil le tuilleadh eolais a fháil.
Club Leabhar a Chur ar Bun
Ní féidir leat club leabhar a aimsiú in aice leat? Cén fáth nach dtosófá do chlub féin? Léigh trí na treoirlínte seo don chlub leabharchun gach rud a theastaíonn uait a fháil amach chun tús a chur leis.
Ilchóipeanna a ordú
Maidir le cóipeanna den leabhar a roghnaíonn tú a fháil, tá roinnt roghanna agat. Is féidir leat a fhiafraí de do leabharlann áitiúil an féidir leo cárta club leabhar Blociasachta a sholáthar a ligfidh duit suas le 40 earra a fháil ar iasacht ag an am céanna. Má tá tú sásta freagracht a ghlacadh as a chinntiú go dtugtar gach rud ar ais, d’fhéadfadh go n-oibreodh sé seo go maith do do chlub leabhar.
Is féidir leat a mholadh freisin go gcuirfeadh gach ball den chlub leabhar a gcóip féin den leabhar in áirithe – is féidir le duine ar bith nach ball den leabharlann é/í a bheith páirteach go héasca agus go tapa saor in aisce. Tabhair faoi deara, má tá teideal an-nua nó thar a bheith coitianta roghnaithe agat, nach dócha go mbeidh tú in ann é a fháil in am do do chéad chlub leabhar eile mar is gnách go mbíonn liostaí feithimh ann do na teidil is mó tóir.
Tacair chlub leabhar
Tá tacair chlub leabhar ag Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe le go mbeidh clubanna leabhar in ann iad a fháil ar iasacht. Caithfear na leabhair a fháil ar iasacht agus a thabhairt ar ais mar thacar. Is féidir na tacair a fheiceáil ar líne anseo, ach tabhair faoi deara le do thoil gur gá iad a chur in áirithe i do bhrainse leabharlainne áitiúil, bíodh sé sin go pearsanta nó ar an bhfón.