Cuirtear Tús le Clár na gClubanna Glasa i nGaillimh
Thug an ócáid clubanna CLG, LGFA agus Camógaíochta, ionadaithe clubanna, saineolaithe comhshaoil agus abhcóidí pobail le chéile chun scrúdú a dhéanamh ar bhealaí praiticiúla inar féidir le heagraíochtaí spóirt a bheith réamhghníomhach maidir le gníomhú ar son na haeráide mar chuid de Chlár Náisiúnta na gClubanna Glasa CLG.
Seoladh an clár in 2020 le tacaíocht ón Roinn Comhshaoil agus cuidíonn sé le clubanna a lorg comhshaoil a laghdú agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn laistigh dá bpobail.
Dúirt Denise Feeney, Oifigeach Gníomhaíochta Aeráide Pobail le Comhairle Chontae na Gaillimhe, “go dtugann an clár cumhacht do chlubanna dul chun tosaigh ar an bpáirc agus amach ón bpáirc”.
“Trí nósanna glasa a ghlacadh, ní hamháin go gcabhraíonn clubanna leis an gcomhshaol, chomh maith leis sin laghdaíonn siad costais, feabhsaíonn siad áiseanna agus cuireann siad lena gcaidreamh leis an bpobal áitiúil. Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe an-bhródúil as tacú le clubanna ar an aistear seo agus molann sí do dhaoine eile páirt a ghlacadh”, a dúirt Feeney freisin.
Mar chuid den ócáid bhí cainteoirí saineolaithe agus cás-staidéir ar ábhair thábhachtacha amhail éifeachtúlacht fuinnimh, laghdú dramhaíola agus deiseanna maoinithe. I measc na gcainteoirí bhí Meantóir Pobail SEAI Orla Nic Suibhne, Sinéad Ní Mhainnin MyWaste.ie, agus Éiceolaithe MKO Malena Thren agus Caití Farren. Phléigh Comhairleoir Inbhuanaitheachta Chlubanna Glasa CLG Míde Ní Shúilleabháin an chaoi ar féidir leis an spórt gníomhú ar son na haeráide a chur ó neart go neart, agus roinn ionadaithe club Brendán Ó Loinsigh (Baile an Doirín) agus Brian Healy (Naomh Breandáin, Béal Átha Ghárta) a dtionscnaimh ghlasa.
“Léirigh na cás-staidéir a cuireadh i láthair dúthracht agus díograis ár gclubanna áitiúla i dtreo gníomhú ar son na haeráide,” a dúirt Pól Beilliú, Cathaoirleach CLG na Gaillimhe.
“Tá súil agam gur spreag na samplaí sin clubanna eile chun a gcuid tionscadal a shainaithint agus a fhorbairt. Agus muid ag súil le hoscailt an chéad bhabhta eile den Chiste Pobail um Ghníomhú ar son na hAeráide níos déanaí i mbliana, táim ar bís faoin tionscnaimh nuálacha a thiocfaidh chun cinn ónár bpobal a fheiceáil.
“Anuas air sin, táim tiomanta do chinnte a dhéanamh go mbeidh staideanna ár gcontae chun tosaigh san iarracht tábhachtach seo,” a dúirt Beilliú.
Is féidir le clubanna ar spéis leo páirt a ghlacadh i gClár na gClubanna Glasa CLG teagmháil a dhéanamh le foireann Chomhairle Chontae na Gaillimhe um ghníomhú ar son na haeráide trí ríomhphost a sheoladh chuig: climateaction@galwaycoco.ie.