Cuardaigh

Clubanna Glasa CLG

<p>Cabhróidh clár na gClubanna Glasa le clubanna bearta simplí a aithint agus a chur i bhfeidhm chun ár n-oidhreacht nádúrtha a chosaint agus todhchaí inbhuanaithe a chinntiú dár bpobail áitiúla.</p>

Cad atá i gceist le Clár na gClubanna Glasa CLG?

Seoladh Clár na gClubanna Glasa CLG, ar comhoibriú é idir CLG agus údaráis áitiúla ar fud na hÉireann, in 2020 chun tacú le clubanna agus iad ag tabhairt faoi ghníomhú ar son na haeráide. Clár maoinithe é le tacaíocht ón Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil. Tá an ócáid seo oscailte do gach club spóirt sa Chontae.

Bunaíodh an Clár Clubanna Glasa CLG chun tacú le clubanna Cluichí Gaelacha gníomhaíocht inbhuanaitheachta a dhéanamh atá simplí agus éifeachtach ina gcuid páirceanna agus gníomhaíochtaí. Tá an Clár bunaithe ar cheithre théama, eadhon, Fuinneamh, Uisce, Dramhaíl, Bithéagsúlacht agus Taisteal agus Iompar agus tá sé cruthaithe chun feasacht ar inbhuanaitheacht agus gníomhaíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn i gclubanna CLG agus pobail.

Forbraíodh an Clár Clubanna Glasa agus Sraith Straitéisí na gClubanna Glasa le tacaíocht ó eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí saineolaithe ar fud oileán na hÉireann. Tá sonraí ina leith sin ar fáil thíos.

Clár na gClubanna Glasa CLG: Clár na gClubanna Glasa CLG agus Clár na gClubanna Glasa

Sraith Straitéisí na gClubanna Glasa CLG: Clár na gClubanna Glasa CLG | Tobar

Ballinderreen Green Club

Green Clubs Programme kicks off in Galway