Cuardaigh

Gníomhú ar son na hAeráide

Táimid ar bís na gníomhartha atá faoi lán seoil ar fud an Chontae chun dul i ngleic leis an athrú aeráide a roinnt. Tá go leor le plé, idir thionscadail cheannródaíochta, tionscnaimh bhríomhara phobail, nuashonruithe ar bheartais a bhfuil tionchar mór ag baint leo agus scéalta rathúla spreagúla. Bí linn agus muid ag obair le chéile chun timpeallacht níos glaise agus níos sláintiúla a chruthú do chách!

Services List

Ár nIarrachtaí um Ghníomhú ar son na hAeráide

Foghlaim faoi na gníomhartha atá á ndéanamh ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Idir thionscnaimh beartais agus thionscadail ar an láthair, foghlaim faoin gcaoi a bhfuilimid chun tosaigh ó thaobh cúrsaí inbhuanaitheachta de.

Gníomhú ar son na hAeráide sa Bhaile

Leideanna agus comhairle phraiticiúil a fháil maidir le conas is féidir do theach a dhéanamh níos inbhuanaithe, idir bhearta coigilte fuinnimh agus laghdú dramhaíola.

Seasmhacht Aeráide

Faigh amach conas a bheidh tionchar ag an athrú aeráide ar ár gContae, idir thriomach agus thuilte. Foghlaim faoinár n-iarrachtaí chun oiriúnú a dhéanamh do na hathruithe sin agus todhchaí shábháilte agus inbhuanaithe a chinntiú do chách.

Dul Chun Cinn maidir le Gníomhú ar son na hAeráide

Fan ar an eolas faoin dul chun cinn a dhéanaimid maidir le gníomhú ar son na haeráide. Faigh rochtain ar ár dtuarascálacha dul chun cinn is déanaí chun fáil amach conas atá ár spriocanna á gcomhlíonadh againn agus an tionchar a bhíonn ag an dul chun cinn ar an bpobal.

Address
An tAonad Aeráide

Comhairle Chontae,
Áras an Chontae,
Cnoc na Radharc,
Gaillimh,
H91 H6KX

Opening times

Luan - Aoine 9:00 - 17:00