Cuardaigh

Deontas Stitch in Time

Deontas Stitch in Time

Cad is Deontas Stitch in Time ann? 

Tá scéim deontas á reáchtáil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe: DEONTAS STITCH IN TIME Chiste na hOidhreachta Ailtireachta atá ar fáil le haghaidh Miondeisiúchán & Tuarascálacha ar Chomhairle Caomhantais chun cabhrú le húinéirí costais na miondeisiúchán nó na n-oibreacha cothabhála a dhéantar ar Struchtúir atá Faoi Chosaint, ar Struchtúir atá beartaithe le bheith Faoi Chosaint nó ar fhoirgnimh stairiúla laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta a fheabhsaíonn an áit nó an tsráid a íoc.  Féadfar breithniú a dhéanamh ar fhoirgnimh stairiúla eile ach tabharfar tús áite do na foirgnimh sin atá faoi chosaint reachtúil. Chun a chinntiú go dtugtar comhairle chuí d’úinéirí maidir leis na hoibreacha is gá a dhéanamh ar a maoin, is féidir leas a bhaint as an scéim chun tuarascálacha/suirbhéanna reachta foirgnimh, ráitis mhodha nó sonraíochtaí a fháil ó ghairmithe caomhantais chun oibreacha a chloíonn leis an dea-chleachtas caomhantais a shainaithint agus tosaíocht a thabhairt dóibh. 

Cé is féidir iarratas a dhéanamh? 

Úinéirí nó áititheoirí Struchtúr faoi Chosaint. Féach an Bhileog Eolais

chun teacht ar na critéir incháilitheachta go léir.

Struchtúir Incháilithe

  • Struchtúr ar bith atá Faoi Chosaint (struchtúr cónaithe nó tráchtála)
  • Struchtúir Stairiúla laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta
  • Foirgnimh Dhúchasacha 

Oibreacha Incháilithe

  • Tá an scéim dírithe ar oibreacha mionscála nuair a bhíonn na costais faoi bhun €5,000. Tá scéimeanna deontais chaomhantais eile ann le haghaidh deisiúcháin mheánmhéide nó deisiúcháin mhórscála

Chun iarratas a dhéanamh, caithfear na nithe seo a leanas a chur isteach: 

  • Foirm Iarratais Chomhlánaithe
  • Ráiteas Cuimsitheach ar Mhodhanna
  • Sonraí faoi chreidiúnú na ngairmeacha caomhantais
  • Grianghraif den staid reatha
  • Luachan
  • Deimhniú Imréitigh Cánach na gConraitheoirí

Má tá cabhair nó eolas eile ag teastáil: 

Dean teagmháil le: conservationoffice@galwaycoco.ie

T: 091 509308 

 

Cistí ar Fáil

  • Suas le 50% den chostas iomlán, uasmhéid €5,000

Amlíne 

  • Ní mór na hoibreacha a bheith críochnaithe: Faoi mhí Dheireadh Fómhair 2026 

Íoslódáil na Doiciméid Iarratais