Cuardaigh

Bailiúcháin

Féach ar thaifid ó údaráis áitiúla Chontae na Gaillimhe, ó bhailiúcháin phríobháideacha agus eastát, agus níos mó, ó na 1600idí ar aghaidh.

Is é misean Chartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe ‘…cuimhne dhoiciméadach Chontae na Gaillimhe a fháil, a chaomhnú agus a chur ar fáil’. 

Ár mbailiúcháin

Taifid Rialtais Áitiúil

Tá miontuairiscí Chomhairle Chontae na Gaillimhe (tag. GC/1) san áireamh sna bailiúcháin, ó 1899 ar aghaidh, atá ar fáil ar líne ag an gCartlann Dhigiteach. Tá miontuairiscí éagsúla coistí, taifid luachála, rollaí toghcháin, taifid láithreachta foirne agus comhaid riaracháin i mbailiúchán Chomhairle Chontae na Gaillimhe chomh maith.  Tá rochtain ar chláir na reiligí atá fós ann trí na Cláir Reiligí.

Tá ábhar againn ó iarchomhlachtaí rialtais áitiúil chomh maith:

  • Comhairlí Ceantair Tuaithe (1899-1925).
  • Coimisinéirí/Comhairle Baile Bhéal Átha na Sluaighe (BTC/1): Tá mionthuairiscí ó 1841-1876 ar fáil ar an gCartlann Dhigiteach.
  • Comhairlí Bhaile Locha Riach (LTC/1): Tá mionthuairiscí atá ar marthain ó 1909-2006 ar fáil ar an gCartlann Dhigiteach.
  • Comhairlí Baile Thuama (TTC/1): Tá miontuairiscí ó 1843-2014, le roinnt bearnaí, ar an gCartlann Dhigiteach.

Déan an chatalóg chartlanna a chuardach


Spines of 3 volumes of minutes stacked on top of each other.

 

Taifid Aontas na mBocht (Tithe na mBocht)

Tá bailiúchán tábhachtach ábhar de chuid Aontas Dhlí na mBocht againn.  Tá beagnach 600 imleabhar sna bailiúcháin, miontuairiscí Bhord na gCaomhnóirí den chuid is mó. Tugann siad sonraí faoi riarachán agus bainistíocht tithe na mbocht, cúram leighis díoltóirí agus feidhmeanna poiblí eile, amhail soláthar reiligí, i gceantair an Aontais, ó 1839 go 1921.

Bhí deich nAontas i gContae na Gaillimhe: Béal Átha na Sluaighe, An Clochán, Gaillimh, Gleann na Madadh, An Gort, Baile Locha Riach, An Creagán, Uachtar Ard, Port Omna agus Tuaim.  Tá bailiúcháin d'ocht gcinn de na hAontais seo sna Cartlanna, gan Uachtar Ard agus Port Omna a áireamh.

Inrochtaineacht: Tá an chuid is mó de na taifid seo digitithe agus tá siad ar fáil sa Chartlann Dhigiteach

Déan an chatalóg chartlanna a chuardach

Bailiúcháin Phríobháideacha agus Eastáit

Tá taifid againn ar roinnt teaghlach uasal suntasach ón 18ú haois go dtí an 21ú haois. Tugann na bailiúcháin seo léargas suimiúil ar stair agus ar shaol na dteaghlach seo. Ina measc seo tá:

  • Muintir Uí Cheallaigh ó Achadh Raithin, Béal Átha an Ghártha, 1606 – 1880
  • Muintir de Búrca ó Bhéal Átha Dúgáin, Baile Locha Riach, 1707-1970 (GP6/)
  • Muintir Purefoy ó Uíbh Fhailí agus Muintir Turbett ó Bhaile Átha Cliath, 1732-1920 (GP16/)
  • Muintir Labhrás ón mBaile Mór, Co. na Gaillimhe, 1826-1930 (GP1/); ar fáil sa Chartlann Dhigiteach.
  • Muintir Frinse ó Ráth Asáin, Co. na Gaillimhe, 1765-1831 (GP4/); ar fáil sa Chartlann Dhigiteach.

 

Tá roinnt bailiúcháin phríobháideacha againn freisin, lena n-áirítear:

Déan an chatalóg chartlanna a chuardach

 


4 signatures and wax seals from a 1788 document

 

Bailiúcháin Cartlainne Eile

Clúdaíonn ár gcartlann gach gné de stair na Gaillimhe. Seo roinnt bailiúcháin bheaga suntasacha:

  • Richard St George Mansergh St George, Survey & Maps of the Estate in Headford, Co. Galway, 1775 - 1853 (GS01/5). Tá sé sin ar fáil sa Chartlann Dhigiteach.
  • James Hardiman, Volume of Drawings, 1811 – 1830 (GS01/2). Tá sé sin ar fáil sa Chartlann Dhigiteach.
  • M.S. Kelly & Co., Printéirí agus Stáiseanóirí, Baile Locha Riach, Leabhar Cuntais Chustaiméirí, 1928-1944, 
    (GS21/01B).
  • Diméin Dhún an Uchta, Catalóg Ceant (Muintir Eyre), 1926 (GS01/20).
  • John Waldron, Some Notes on the Civil War in Ireland, 1922-1923', 1972-1985, (GS12/10).  Tá sé sin ar fáil sa Chartlann Dhigiteach.

Déan an chatalóg chartlanna a chuardach

 


Close up image of a drawing of showng location of houses and arable land, forthe townland of Raphoy, Headford, 1775