Cuardaigh

Cartlann dhigiteach

Féach ar ár mbailiúchán mór taifead digitithe saor in aisce ar líne anseo.

Tá cartlann dhigiteach mhór ag Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe ina bhfuil go leor bailiúcháin thábhachtacha a bhfuil tóir orthu.

Cuidíonn digitiú na dtaifead seo le hiad a chaomhnú agus cuireann sé ar chumas daoine ar fud an domhain rochtain éasca a fháil orthu ar líne. Tá sé beartaithe ag an gCartlann leanúint de bhailiúcháin bhreise a chur ar líne le go mbeidh gach duine in ann taitneamh a bhaint astu agus úsáid a bhaint astu.

Ní chuirtear na bailiúcháin atá le feiceáil sa Chartlann Dhigiteach ar fáil don phobal ach amháin chun críocha oideachais agus scolártha. Téigh i dteagmháil linn le haghaidh ceadanna chun aon ábhar atá ar an suíomh seo a atáirgeadh. Tá cóipcheart ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar na hábhar seo.

Ba chóir do thaighdeoirí liosta tuairisciúil gach bailiúcháin a sheiceáil chun a bhfuil ann a thuiscint. Is féidir leat an chatalóg ar líne a úsáid chun tuilleadh eolais a fháil faoin méid atá againn. 

Tá roinnt bailiúchán innéacsaithe ag FindMyPast. 

Áirítear ar Bhailiúchán na Gaillimhe:

  • Taifid ó Aontas na mBocht i mBéal Átha na Sluaighe, sa Chlochán, sa Ghort, sa Chreagán (cuid de), agus i dTuaim
  • Clár Leighis Phort Omna (1881–1884)
  • St George Mansergh, Suirbhé Eastáit Áth Cinn (1775)

Tabhair faoi Deara: D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé níos mó ama roinnt comhad PDF a íoslódáil mar gheall ar a méid.