Cuardaigh

Déan iarratas ar cheadúnas páirceála do Chónaitheoirí

<p>Tá páirceáil Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm i mbailte Thuama, an Chlocháin, Bhaile Locha Riach, an Ghoirt agus Bhéal Átha na Sluaighe. Chun freastal ar chónaitheoirí na mbailte seo, is féidir dhá cheadúnas páirceála cónaitheoirí a eisiúint in aghaidh an teaghlaigh, do chónaitheoirí áitribh ar úinéirí feithiclí iad agus a bhfuil a ngnátháit chónaithe suite i Sráid lena mbaineann na Fodhlíthe um Áiteanna Páirceála.</p>

Conas Iarratas a Dhéanamh

Foirmeacha Iarratais le haghaidh na nithe seo a leanas:

  • Ceadúnais nua
  • Athnuachaintí ceadúnas
  • Athrú feithicle

…ar fáil ó na hoifigí ceantair seo a leanas agus is féidir iad a chur ar ais chuig na hoifigí ceanna:

  • Oifig Ceantair Thuama, an tSráid Ard, Tuaim – ☎ (091) 509011
  • Oifig Ceantair an Chlocháin, Sráid an Mhargaidh, an Clochán – ☎ (091) 509095
  • Oifig Ceantair an Ghoirt, Sráid Crowe, an Gort – ☎ (091) 509065
  • Oifig Ceantair Bhaile Átha an Rí, Sráid an Teampaill, Baile Átha an Rí – ☎ (091) 509088
  • Oifig Ceantair Bhaile Locha Riach, Sráid na Beairice, Baile Locha Riach – ☎ (091) 509166
  • Oifig Ceantair Bhéal Átha na Sluaighe, Oifigí Cathartha, Béal Átha na Sluaighe – ☎ (091) 509074

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Eisítear ceadúnais d’úinéirí feithiclí a bhfuil a ngnátháit chónaithe ar shráid atá clúdaithe ag na Fodhlíthe (a shainítear mar chónaí a bheith ar an úinéir ann ar feadh níos mó ná 183 lá in aghaidh na bliana).
  • Níl cónaitheoirí a bhfuil limistéir pháirceála tiomnaithe acu incháilithe le haghaidh ceadanna.
  • Ní mór cóip den deimhniú árachais reatha (faoi ainm agus seoladh an iarratasóra) a chur isteach.
  • Ní féidir ach dhá cheadúnas ar a mhéad a eisiúint in aghaidh an teaghlaigh.
  • Ní mór don fheithicil a bheith ina gluaisteán príobháideach, ina carr fada, nó ina feithicil paisinéirí (7 bpaisinéir, gan an tiománaí san áireamh) a ghearrtar cáin air faoin aicme ‘Príobháideach’.
  • Bíonn ceadúnais bailí ar feadh bliain amháin ón dáta eisiúna.
  • Is ionann an táille agus €10.00.
  • Ní mór don cheadúnas a bheith ar taispeáint go soiléir taobh istigh den fheithicil.
  • Má bhogann nó má athraíonn an cónaitheoir a bhfeithicil, éiríonn an ceadúnas neamhbhailí agus ní mór é a thabhairt ar ais. Teastaíonn cead nua.