Cuardaigh

Áiteanna súgartha

Cuireann ár n-áiteanna súgartha i gContae na Gaillimhe spás saor in aisce ar fáil do leanaí, dá dteaghlaigh agus dá gcúramóirí chun dul i mbun taiscéalaíochta, súgartha agus chun taitneamh a bhaint as amuigh faoin aer.

Áiteanna súgartha i gContae na Gaillimhe

Tá réimse leathan áiteanna súgartha ar fáil i gContae na Gaillimhe do chónaitheoirí agus do chuairteoirí, ag freastal ar leanaí de gach aois ó dhaltaí réamhscoile go déagóirí.

Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe tiomanta d'áiteanna súgartha a dhéanamh níos cuimsithí trí uasghráduithe agus athchóirithe leanúnacha. I dtionscadail le déanaí, ar thacaigh an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige leo, tugadh isteach trealamh atá inrochtana do chathaoireacha rothaí agus aonaid súgartha céadfacha. Tá sé mar aidhm ag na feabhsuithe seo a chinntiú gur féidir le leanaí de gach cumas taitneamh a bhaint as timpeallachtaí súgartha sábháilte, tarraingteacha agus cuimsitheacha.

Suíomhanna na nÁiteanna Súgartha

Chun suíomhanna ár n-áiteanna súgartha a fheiceáil, féach ar an liosta thíos le do thoil:
 

(Tá an doiciméad seo á nuashonrú faoi láthair chun freastal ar na hÁiteanna Súgartha Pobail breise thíos)

Acmhainní le haghaidh Grúpaí Áitiúla

I gcás grúpaí áitiúla a bhfuil suim acu áiteanna súgartha a fhorbairt, féach ar ár gcomhaontú samplach le do thoil:

Áiteanna súgartha i gContae na Gaillimhe

Ceantar Bardasach Bhaile Átha an Rí

  • Eanach Dhúin
  • Baile Átha an Rí - Lána na Cúirte
  • Droichead an Chláirín
  • Cor an Dola
  • Áth Cinn - Páirc Peile Moyne Villa
  • Cill Íomair Uí Dhálaigh
  • Órán Mór - gar do na Scoileanna sa Sráidbhaile
  • An Turlach Mór/Leacach - Ionad an Phobail

Ceantar Bardasach Bhéal Átha na Sluaighe

  • Áth Eascrach
  • Eachroim
  • Béal Átha Ghártha
  • An Chealtrach
  • Ceapaigh an tSeagail
  • Gallach
  • Baile Uí Chlúmháin
  • Fothannach/Cill Iúir/Cill Ghoirill
  • Cill Tormóir
  • An Baile Mór
  • Muine Mheá
  • An Creagán - in aice leis an bPáirc CLG
  • Maigh Locha
  • An Cnoc Breac
  • An Sceachánach
  • Bealach Ó Maine,
  • An Choill Gharbh, Béal Átha na Sluaighe
  • Ionad Fóillíochta, Béal Átha na Sluaighe
  • Sruthán an Mhóinéir, Béal Átha na Sluaighe
  • Ardán Ghrealláin Béal Átha na Sluaighe

Ceantar Bardasach Chonamara

  • Baile Conaola
  • Bearna
  • Camas
  • An Cheathrú Rua
  • An Caiseal
  • Cill Chiaráin
  • An Cloigeann
  • An Clochán
  • An Fhairche
  • Corr na Móna
  • Inis Oírr
  • Inis Bó Finne
  • Indreabhán
  • Cill Rónáin, Inis Mór
  • Leitir Mealláin
  • An Mám
  • Tar Isteach Mhaigh Chuilinn
  • Páirc Imeartha Mhaigh Chuilinn
  • Uachtar Ard
  • Sraith Salach
  • Ros Muc
  • Cloch na Rón
  • An Spidéal

Ceantar Bardasach Bhaile Locha Riach

  • Ard Raithin/an Lábán
  • An Gort
  • Creachmhaoil
  • Cill Íomair
  • Cinn Mhara
  • An Ghráig
  • An Mullach
  • Garraí Bríde, Baile Locha Riach
  • Baile an Ghoirt, Baile Locha Riach
  • Baile an Ghoirt, Ionad Aclaíochta Allamuigh Bhaile Locha Riach
  • Caisleán Phort Omna
  • Ionad Aclaíochta Phort Omna
  • Páirc Rinn Mhíl
  • Ionad Aclaíochta Pháirc Rinn Mhíl

Ceantar Bardasach Thuama

  • Mainistir Chnoc Muaidhe
  • Bearna Dhearg
  • Cluain Bheirn
  • Cora Finne
  • Béal Átha Mó
  • Béal Chláir
  • Dún Mór
  • Gleann na Madadh
  • Cill Chonla
  • Baile an Mhuilinn
  • Baile Liam - in aice leis an bPáirc CLG
  • Bóthar Bhéal Átha Ghadaí / Belair Drive
  • Bóthar Bhaile Átha Cliath, Tuaim
  • Ionad Aclaíochta Fhána Bhuí - An Tír Bhuí
  • Áit Súgartha Fhána Bhuí - An Tír Bhuí
  • Fearann an Pháláis, Tuaim
  • An Pháirc Mhór, Tuaim