Cuardaigh

Tionóntacht agus bainistíocht eastáit

Tá dualgas cúraim ar an gComhairle chun áitíocht shíochánta i ngach ceann dár n-áitreabh a chur chun cinn

Tá breis agus 3,000 réadmhaoin faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Tá na réadmhaoine sin suite in eastáit de mhéideanna éagsúla i mbailte agus i sráidbhailte nó d’fhéadfadh gur tithe aonair i gceantar tuaithe iad.  

Tá dualgas cúraim ar an gComhairle chun áitíocht shíochánta ár n-áitreabh a chur chun cinn. Is aidhm leis an gComhairle a ról mar Thiarna Talún a chomhlíonadh trína chinntiú go gcloíonn tionóntaí leis an gcomhaontú tionóntachta a shíníonn siad, agus trína cumhachtaí reachtúla a chur i bhfeidhm agus iad ag déileáil le cásanna d’iompraíocht fhrithshóisialta. 

Is é atá i gceist le bainistiú eastáit ná áiteanna cónaithe níos sábháilte a dhéanamh d’eastáit údarás áitiúl. Fostaíonn an Chomhairle cúig Oifigeach Idirchaidrimh Tithíochta (HLOnna) a dhéileálann gach duine acu lena limistéar ainmnithe féin sa chontae chomh maith le raon seirbhísí a chur ar fáil;

  • Comhairle do Thionóntaí maidir leis na mionsonraí ar fad a bhaineann lena dtionóntach agus bainistíocht tí
  • Déan imscrúdú ar ghearáin a bhaineann le hiompraíocht fhrithshóisialta
  • Forbairt Chumainn na nÁitritheoirí
  • Cabhair a thabhairt maidir le fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn in eastáit

Spreagann agus éascaíonn an Chomhairle bunú Chumainn na nÁitritheoirí, agus i gcás ina dtuairiscítear fadhbanna in eastáit trí theagmháil a dhéanamh le Cumann na nÁitritheoirí nó ar shlí eile, úsáidfidh an Chomhairle freisin gach modh reachtaíochta atá ar fáil di, chomh maith le cur chuige ilghníomhaireachta leis an Garda Síochána agus FSS, chun aghaidh a thabhairt ar iompraíocht fhrithshóisialta ar bith.

Tá cumhachtaí sainiúla ag Údaráis Áitiúla agus Gníomhaireachtaí Tithíochta in Éirinn chun duine ar bith atá páirteach in iompraíocht fhrithshóisialta, i.e. mangaireacht drugaí nó iompar ar bith a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le contúirt, gortú, damáiste nó eagla a chur ar dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar, a dhíbirt amach. D’fhéadfadh foréigean, bagairtí, imeaglú nó ciapadh a bheith san áireamh leis seo. Féadfaidh an Chomhairle diúltú áit chónaithe a ligean ar cíos nó a dhíol freisin faoin scéim ceannaigh tionóntaí ar fhorais iompraíochta frithshóisialta. 

Más mian leat athrú a dhéanamh ar do thionóntacht, úsáid na foirmeacha seo a leanas le do thoil:

 

Téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Tithíochta TEM

Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm

Address

Tithíocht TEM
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX

Phone numbers

Phone

Office hours

Sunday Closed
Monday - Friday 9:00 am - 5:00 pm
Saturday Closed