Is é atá i gceist le bainistiú eastáit ná áiteanna cónaithe níos sábháilte a dhéanamh d’eastáit údarás áitiúil. Tá breis agus 3,000 réadmhaoin faoi úinéireacht agus faoi bhainistíocht Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Leagann Comhairle Chontae na Gaillimhe amach an chaoi a ndéileálann sí le hiompraíocht fhrithshóisialta ina Straitéis um Iompraíocht Fhrithshóisialta. Agus muid ag déileáil le gearáin a bhaineann le hiompraíocht fhrithshóisialta, bíonn dlúth-theagmháil againn leis An Garda Síochána agus le comhlachtaí reachtúla eile, amhail an FSS.
Tá cíosanna na n-údarás áitiúil bunaithe ar chóras ar a dtugtar cíos difreálach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil méid an chíosa bunaithe ar chumas an tionónta íoc as, mar sin, má tá ioncam íseal agat, beidh méid do chíosa íseal; agus má théann d’ioncam in airde, rachaidh méid do chíosa in airde freisin.