Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe freagrach as oibriú na reachtaíochta um Rialú Capall, 1996 do Chontae na Gaillimhe.
Is féidir capaill atá ar strae, atá ina gcrá croí, nach bhfuil faoi smacht leordhóthanach nó a chuireann daoine nó réadmhaoin i mbaol (mar a shainmhínítear in Alt 37 den acht) a ghabháil agus a choimeád. Cuirtear i bpóna iad. Ní scaoiltear capaill ach amháin d’úinéirí a thugann le fios "go bhfuil siad dáiríre faoi áitíocht tailte leordhóthanacha do na capaill faoina n-úinéireacht" mar a cheanglaítear faoi 4, Sceideal A de Chuid III de na fodhlíthe.
Má mheasann tú go bhfuil an capall/miúil/asal ar strae ina bhaol don phobal, cuir an Garda Síochána ar an eolas chomh luath agus is féidir leat.
Má tá capall/miúil/asal ar strae nó imithe ó smacht ar on mhaoin phoiblí, téigh i dteagmháil le Rannóg Tithíochta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Téigh i dteagmháil lenár bhfoireann Tithíochta TEM
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Tithíocht TEM
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX