Tá an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil chun cabhrú le hoibreacha a dhéanamh atá réasúnta riachtanach chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí do dhuine faoi mhíchumas a bhfuil lagú fisiceach, céadfach, meabhrach nó intleachtúil leanúnach orthu.
I measc na gcineálacha oibreacha a cheadaítear faoin scéim, tá:
- Rampaí rochtana,
- Áiseanna leithris thíos staighre
- Cathaoireacha Staighre/Ardaitheoirí -tuarascáil TS ag teastáil ón iarratasóir
- Cithfholcadáin inrochtana,
- Oiriúnuithe chun úsáid cathaoireacha rothaí a éascú,
- Síntí– Tuarascáil TS ag teastáil ón iarratasóir
- Oibreacha eile atá réasúnta riachtanach chun teach a dhéanamh níos oiriúnaí do dhuine faoi mhíchumas
Ní mór tuarascáil ó Theiripeoir Saothair a chur isteach le d’iarratas le haghaidh oibreacha lena n-áirítear gléas meicniúil amhail cathaoireacha staighre/ardaitheoirí, síntí. Féadfaidh an Chomhairle Tuarascáil TS a iarraidh le haghaidh oibreacha eile má mheastar go bhfuil gá leis tar éis an chéad chigireacht.