Feachtais ar Léirithe Suime
Déantar feachtais ar Léirithe Suime a reáchtáil ó cheann ceann na bliana.
Baineann na feachtais seo leis na nithe seo a leanas:
Soláthar Tithíochta Sóisialta Lándéanta
- Soláthar forbraíochtaí tithíochta lándéanta le haghaidh tithíochta sóisialta.
- Go hidéalach, a bheith gar do sheirbhísí laistigh de lonnaíocht uirbeach/baile/sráidbhaile, laistigh d'achar siúil ó shiopaí, scoileanna agus áiseanna áitiúla.
- Ní mór do na forbraíochtaí seo na riachtanais reachtúla ábhartha a shásamh maidir le pleanáil agus rialú tógála.
Soláthar Tithíochta Ceannaigh Inacmhainne Lándéanta
- Soláthar forbraíochtaí tithíochta lándéanta le haghaidh tithíochta inacmhainne ar fud Chontae na Gaillimhe.
- Go hidéalach, a bheith gar do sheirbhísí laistigh de lonnaíocht uirbeach/baile/sráidbhaile, laistigh d'achar siúil ó shiopaí, scoileanna agus áiseanna áitiúla.
- Ní mór do na forbraíochtaí seo na riachtanais reachtúla ábhartha a shásamh maidir le pleanáil agus rialú tógála.
Soláthar Tailte atá Criosaithe chun Cónaithe
- Ceannach tailte atá criosaithe chun cónaithe (Céim 1 agus 2) le haghaidh soláthar tithíochta i gContae na Gaillimhe.
Cuirfear sonraí maidir leis an gcéad feachtas eile ar fáil in am trátha.
Cuirfear eolas maidir le conas léiriú spéise a chur isteach ar fáil nuair a bheidh na feachtais beo.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil dualgas ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe aon fhorbairt thithíochta lándéanta as a chéile nó talamh a cuireadh isteach mar chuid den phróiseas seo a cheannach.
Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014.
Téigh i dteagmháil lenár bhFoireann Caipitil
Cuntar tithíochta (ar an láthair) Luan - hAoine 9:00 am - 1:00 pm
Address
Caipiteal Tithíochta
Comhairle Chontae na Gaillimhe
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Gaillimh
H91 H6KX