Cad is Rialú Foirgníochta ann?
Cuireann na hAchtanna um Rialú Foirgníochta 1990 – 2014 oibleagáid reachtúil ar úinéirí, dearthóirí agus tógálaithe dearadh agus tógáil a dhéanamh de réir na Rialachán Foirgníochta. Is é aidhm na Rialachán Foirgníochta sábháilteacht agus leas daoine i bhfoirgnimh agus timpeall orthu a sholáthar agus is ceanglas dlíthiúil é go ndéantar foirgnimh a dhearadh agus a thógáil de réir na rialachán seo. Baineann siad le dearadh agus tógáil na nithe seo a leanas:
- Foirgnimh nua
- Síntí ar fhoirgnimh
- Athruithe úsáide ar fhoirgnimh atá ann cheana féin
- Athruithe ábhartha ar fhoirgnimh atá ann cheana féin
Sula dtosaíonn tú ag tógáil
Sula gcuireann tú leis na hoibreacha, d’fhéadfadh go mbeadh ort na nithe seo a leanas a chur isteach:
- Fógra Tosaigh Feidhme /Fógra 7 Lá
- Iarratas ar Dheimhniú Sábháilteachta ó Dhóiteán/Deimhniú Athbhreithnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán/Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta
- Iarratas ar Theastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas/Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas Athbhreithnithe.
Tabhair faoi Deara: Ón 1 Márta 2014 i leith, is féidir Fógra Tosaigh Feidhme a chur isteach ar líne tríd an gCóras Náisiúnta Bainistíochta um Rialú Foirgníochta. Is féidir Deimhnithe Sábháilteachta ó Dhóiteán agus Teastais Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a chur isteach ar líne agus gan pháipéar anois freisin tríd an nasc tairsí BCMS seo a úsáid.
Cén áit ar féidir na sonraí faoi Chaighdeáin Foirgníochta a fháil
Soláthraíonn Suíomh Gréasáin na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar shuíomh gréasáin gov.ie faisnéis níos mionsonraithe agus reachtaíocht ábhartha a bhaineann le Rialú Foirgníochta, Rialacháin Foirgníochta, Táirgí Foirgníochta agus Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh.