Ó cuireadh an tAcht Toghcháin 2022, i bhfeidhm, is doiciméad rollta é Clár na dToghthóirí anois.
Chun vótáil i dtoghchán nó i reifreann in Éirinn, ní mór d’ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí don seoladh ina gcónaíonn tú de ghnáth. Is féidir leat do shonraí a sheiceáil nó a nuashonrú ar líne ar www.checktheregister.ie nó trí theagmháil a dhéanamh le Comhairle Chontae na Gaillimhe ar electors@galwaycoco.ie
Más iarratasóir nua thú, is féidir leat clárú le vótáil ar líne anois NÓ más toghthóir reatha thú, iarrtar ort do shonraí a nuashonrú ar líne anois trí chuairt a thabhairt ar: www.checktheregister.ie
Aois - Cén aois is féidir liom clárú chun vótáil?
Aois: Tá gach cónaitheoir atá 18 mbliana d’aois agus os a chionn i dteideal a bheith ar an gclár. Féadfaidh duine clárú ó 16 bliana d'aois, ach ní bheidh siad in ann vótáil go dtí go mbeidh siad 18 mbliana d'aois.
Is féidir le gach duine os cionn 18 mbliana d’aois a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát clárú chun vóta a chaitheamh. Clárófar thú ag an seoladh ina bhfuil ‘gnáthchónaí’ ort. Seo an áit a bhfuil cónaí ort.
Saoránacht
Tá gach cónaitheoir fásta sa stát i dteideal a bheith cláraithe; cinneann a saoránacht an cineál toghchán ina bhféadfaidh siad vótáil.
Cearta Vótála
Iarrfaimid do náisiúntacht ort i d’iarratas mar d’fhéadfadh sé seo difear a dhéanamh do na toghcháin inar féidir leat vótáil.
- Éireannach - Saoránaigh na hÉireann: is féidir leo vótáil i ngach toghchán agus Reifreann
- Briotanach - Saoránaigh na Breataine: is féidir leo vótáil i dtoghcháin na Dála agus sna toghcháin áitiúla
- Saoránach na Breataine/an Aontais: is féidir leo vótáil i dToghcháin na Dála, Toghcháin Eorpacha agus Toghcháin Áitiúla
- An tAontas Eorpach –Féadfaidh saoránaigh Eorpacha vótáil i dtoghcháin Eorpacha agus áitiúla
- Neamh-AE- Saoránaigh Neamh-Eorpacha: is féidir leo vótáil i dToghcháin Áitiúla
- AE féideartha – Saoránaigh Eorpacha Ionchasacha: is féidir leo vótáil i dToghcháin Áitiúla
Spriocdháta le clárú chun vóta a chaitheamh
Ní mór d’iarratas a bheith faighte ag an údarás áitiúil 15 lá oibre ar a laghad roimh thoghchán nó reifreann (i.e. ní áirítear leis seo Domhnaigh, Aoine an Chéasta ná Laethanta Saoire Poiblí).
Má fhaightear é 14 lá roimh thoghchán nó reifreann nó níos déanaí, ní bheidh tú cláraithe chun vótáil sa toghchán nó sa reifreann sin.
Tugadh reachtaíocht nua isteach an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena n-éilítear faisnéis bhreise chun clárú le vótáil – áirítear leis seo anois an riachtanas maidir le huimhir PSP, dáta breithe agus Eircode.
Clárú chun Vóta a Chaitheamh
Is é an bealach is fusa clárú ná tríd an tairseach náisiúnta: checktheregister.ie
Ligeann an suíomh gréasáin checktheregister duit iarratas a dhéanamh freisin chun:
- Clárú le vóta a chaitheamh
- Do thaifead reatha le d'Uimhir PSP, dáta breithe, náisiúntacht agus Eircode a chomhlánú
- Aon athruithe a dhéanamh ar d'ainm nó ar do sheoladh
Tá foirmeacha iar atais páipéir fós ag teastáil le haghaidh roinnt iarratas. De ghnáth bíonn deimhniú/fianaise nó doiciméid tacaíochta ag teastáil leis na hiarratais seo.
Foirmeacha Iarratais
Is féidir na foirmeacha a íoslódáil ón rannóg forms ar www.checktheregister.ie
Vótálaithe Poist
Is iad seo a leanas na catagóirí daoine ar féidir leo clárú mar vótálaithe poist:
- Na Fórsaí Cosanta
- An Garda Síochána
- Taidhleoirí atá ar seirbhís thar lear
- Vótálaithe faoi mhíchumas atá ina gcónaí sa bhaile
- Daoine nach bhfuil in ann freastal ar a stáisiún vótála áitiúil mar gheall ar a slí bheatha nó a n-oideachas
- Príosúnaigh
- Is féidir le daoine atá ina gcónaí go fadtéarmach i dteach altranais nó in institiúid cosúil leis sin iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh ar liosta na Vótálaithe Speisialta
- Toghthóirí Gan Ainm
Seol na foirmeacha comhlánaithe ar ais chuig: Clár na dToghthóirí, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91 H6KX
Déan Teagmháil le Clár na dToghthóirí
Luan - Aoine 09:00-17:00
Address
Áras an Chontae
Cnoc na Radharc
Co. Galway
H91 H6KX