An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015
Síníodh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 ina dhlí Dé Céadaoin, an 11 Márta 2015 and agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 1 Meán Fómhair 2015.
Is é cuspóir an Achta clár gréasáin brústocaireachta a sholáthar chun faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi chéannacht na ndaoine a bhíonn i mbun cumarsáide le hOifigigh Phoiblí Ainmnithe maidir le beartais shonracha, nithe reachtacha, nó cinntí ionchasacha.
Is féidir gach eolas maidir leis an Acht um Brústocaireacht a Rialáil a fháil trí chuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin na brústocaireachta.
Oifigigh Phoiblí Ainmnithe (OPAnna)
Is féidir sonraí faoi Oifigigh Phoiblí Ainmnithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe a fháil sa rannán 'doiciméid ghaolmhara' ar dheis an leathanaigh seo.
Sainmhíníonn an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 na daoine seo a leanas mar Oifigigh Phoiblí Ainmnithe in údaráis áitiúla:
- Baill tofa (e.g. Comhairleoirí Cathrach agus Contae)
- Príomhfheidhmeannaigh
- Stiúrthóir Seirbhísí
Tá tuilleadh sonraí ar fáil sa rannán 'naisc ghaolmhara' ar an leathanach seo.
Cód Trédhearcachta
Foráiltear in alt 5(7) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 go n-ullmhóidh agus go bhfoilseoidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cód, ar a dtugtar an "Cód Trédhearcachta", ina leagtar amach conas a fhéadfaidh comhlachtaí poiblí ábhartha áirithe (amhail grúpaí comhairleacha aireachta) a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach trédhearcach.
Trí chloí leis an gCód Trédhearcachta, chomhlíonfadh cumarsáid laistigh de na comhlachtaí seo an díolúine ón gceanglas gníomhaíochtaí brústocaireachta a chlárú agus a thuairisciú.
Tá Cód Trédhearcachta ullmhaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is féidir nasc chuig an gcód a fháil sa rannán 'naisc ghaolmhara' ar an leathanach seo.
Ár gCoistí
Is féidir sonraí faoi bhallraíocht choiste chomhaltaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe a fheiceáil anseo:
- Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBS)
Is féidir ballraíocht na CBSanna a fheiceáil anseo - Coiste na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Pobail Áitiúil (CSPÁ)
Cuireadh an CSPÁ in ionad Chomhchoiste Póilíneachta Chontae na Gaillimhe (CCP). Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil. - An Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ)
Cliceáil anseo le haghaidh eolais faoin CFPÁ. - Coiste Comhairleach um Chóiríocht Áitiúil don Lucht Siúil i gContae na Gaillimhe (LTACC)
Lean an nasc seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi LTACC.