Cuardaigh

Gradaim an Chathaoirligh

Tionscnamh bliantúil chun gníomhaíocht dheonach a cheiliúradh ar fud ár gContae.

Ainmniúcháin oscailte do Ghradaim an Chathaoirligh 2026

Tá iarratais ar oscailt anois do Ghradaim an Chathaoirligh 2026, tionscnamh bliantúil a bhfuil sé mar aidhm aige aitheantas a thabhairt do thiomantas daoine aonair agus grúpaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí pobail agus deonacha i gContae na Gaillimhe, agus chun aitheantas a thabhairt don tionchar suntasach a bhíonn ag a ngníomhartha ar chaighdeán saoil ina bpobail.

 Is comhfhiontar iad na Gradaim idir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí, a bhfuil os cionn 1,300 Ballghrúpa i mbun réimse leathan gníomhaíochtaí pobail agus deonacha ar fud an Chontae.

Is féidir le baill aonair den phobal nó trí ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha ain
mniúcháin a dhéanamh, trí Fhoirm Ainmniúcháin chomhlánaithe a sheoladh ar ríomhp
host chuig awards@galwaycoco.ie roimh an dáta deiridh 15 Aibreán 2026.

Íoslódáil Foirm Ainmniúcháin Anseo nó trí ríomhphost a sheoladh chuig awards@galwaycoco.ie 
Le tuilleadh eolais a fháil,íoslódáil Leabhrán Eolais anseo 

nó seol ríomhphost chuig awards@galwaycoco.ie, nó déan teagmháil leis an gComhairleoir David Collins ag 087 7831687.

Cad iad Gradaim an Chathaoirligh?

Tionscnamh bliantúil de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus PPN (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) is ea Gradaim an Chathaoirligh chun aitheantas a thabhairt do ghníomhaíocht dheonach ar fud ceantair éagsúla i gContae na Gaillimhe agus í a cheiliúradh.    Tugann na Gradaim aitheantas do dhaoine aonair agus grúpaí sna catagóirí seo a leanas atá oscailte d'ainmniú poiblí: 

  • Gradam Ealaíon agus Cultúir
  • Gradam don Obair is Fearr don Oidhreacht
  • Gradam don Obair is Fearr don Ghaeilge
  • Gradam Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide
  • Gradam Foilseacháin Oidhreachta
  • Gradam um Ionchuimsiú Sóisialta
  • Gradam Spóirt
  • Gradam do Scoileanna a Chuireann le hOidhreacht   

Tugtar cuireadh do gach ainmní ar an ngearrliosta chuig Searmanas Gradam Bliantúil ina mbronntar gradam lámhdhéanta a coimisiúnaíodh go sonrach ar na buaiteoirí, in éineacht le teastas agus duais airgid de €500 lena húsáid i gcomhair a gcuid oibre. Faigheann gach ainmní ar an ngearrliosta Teastas Ardmholta ina dtugtar aitheantas d'ardchaighdeán a gcuid oibre sa chatagóir ghradaim sin. 

Buaiteoirí Gradam 2025

  • Gradam Ealaíon agus Cultúir: Féile Cheoil Larry Reynolds – as a gcuid oibre maidir le leithne agus cáilíocht a n-imeachtaí a mhéadú chun ceol, oidhreacht agus cultúr traidisiúnta Gaelach a cheiliúradh
  • Gradam don Obair is Fearr don Oidhreacht;Katie Duane – as a cuid oibre chun an mhainistir agus an ula a chothabháil agus a athchóiriú i Reilig Chill Bhocht
  • Gradam Foilseacháin Oidhreachta: Michael J. Hurley – as an bhfoilseachán “Lackagh – A Colourful Past” ar albam pictiúr é ina gceiliúrtar, daoine, áiteanna imeachtaí agus ceiliúrtha ar Leacach
  • Gradam na Gaeilge: Fóram Cois Fharraige Um Pleanáil Teanga – ar mhaithe le deiseanna iomadúla a sholáthar don phobal dul i ngleic leis an nGaeilge, agus an pobal a choinneáil ar an Eolas trí Ghaeilge
  • Gradam Comhshaoil agus Gníomhaithe ar son na hAeráide: Jacinta Barrins – as Clár Tiomána Aeráide 60+ a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun oideachas a chur ar dhaoine níos sine ná 60 maidir le hathrú aeráide agus é a chur ar fáil ar fud na Gaillimhe agus níos faide i gcéin
  • Gradam Ionchuimsithe Shóisialta: Sarah Ann Buday – as a cuid oibre mar urlabhraí ar son cúramóirí óige maidir leis an ngá atá acu le tacaíochtaí sóisialta, oideachais agus síceolaíochta
  • Gradam Spórt: Club Oilimpeacha Speisialta Lakers Dheisceart na Gaillimhe – as club a bhunú chun bearna aitheanta i ndeiseanna spóirt a líonadh agus ballraíocht, ionaid agus deiseanna spóirt a mhéadú i bhfráma ama gairid
  • Gradam Aitheantais Bailte Slachtmhara;Bailte Slachtmhara Thuama – as comhoibiriú pobail láidir a chothú agus as a bheith ar an gcéad bhaile mór i gContae na Gaillimhe chun Bonn a bhaint amach sa Chomórtas Náisiúnta
  • Gradaim Mórtas Ceantair: Bailte Slachtmhara Dhroichead an Chláirín agus Bothán Fear Marconi – mar aitheantas as a bheith roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar son Chontae na Gaillimhe i gComórtas Mórtas Ceantair Uile Éireann 2025
  • Gradam Aitheantais Speisialta an Chathaoirligh – Gradam Aonair: Bernie Rogers – as a bheith ina cheann feadhna ar ghníomhaíochtaí deonacha spóirt agus allamuigh in Órán Mór, agus rannpháirtíocht a chothú do gach duine, go háirithe i measc grúpaí tearcionadaithe
  • Gradam Aitheantais Speisialta an Chathaoirligh – Grúpa: Moyne Villa FC – as a bhforbairt leanúnach mar shaoráid a thairgeann gníomhaíochtaí spóirt agus fisiceacha agus deiseanna sláinte agus folláine, agus deiseanna tacaíochta, do gach duine sa phobal 
Leis na gradaim seo, tugtar aitheanats d'iarrachtaí seasta daoine aonair agus grúpaí a oibríonn go dícheallach sa chúlra chun ár bpobail a neartú. Thar ceann Cgomhairle Chontae na Gaillimhe agus phobal an Chontae, tá ríméad orm urraim agus aitheantas a thabhairt do na héachtaí agus an tiomantas seo chun ár gceantair áitiúla a dhéanamh níos fearr mar áiteanna chun cónaí agus chun obair iontu, agus chun cuairt a thabhairt orthu.
An Clr. Martina Kinane, Cathaoirleach Chontae na Gaillimhe

Chun miondealú iomlán a fháil ar ghradaim 2025, is féidir leat féachaint ar Leabhrán na nGradam thíos.