Chun tacú le pobail agus grúpaí móra teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha maidir le ceisteanna eisiaimh shóisialta agus comhionannais a aithint agus dul i ngleic leo, acmhainneacht na nGrúpaí Pobail Áitiúla a fhorbairt, agus níos mó pobail inbhuanaithe a chruthú.
|
|
|
|
|
Cad é an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP)
Cuireann an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP), 2024-2028, maoiniú ar fáil chun dul i ngleic le bochtaineacht agus eisiamh sóisialta ag an leibhéal áitiúil trí theagmháil áitiúil agus comhpháirtíochtaí idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus gníomhaireachtaí earnála poiblí.
Aidhm an Chláir
Is é aidhm SICAP ná bochtaineacht a laghdú agus ionchuimsiú sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn in Éirinn trí thacú le pobail agus daoine aonair trí úsáid a bhaint as cuir chuige forbartha pobail, rannpháirtíocht, agus comhoibriú.
Spriocanna an Chláir
Sprioc 1: Tacú le Pobail
Sprioc 2: Tacú le Daoine Aonair
Chun tacú le daoine faoi mhíbhuntáiste a gcaighdeán beatha a fheabhsú trí fhoghlaim fadsaoil agus tacaíochta mhargadh an lucht saothair a chur ar fáil.
Struchtúr Cur chun Feidhme
Tá SICAP 2024-2028 á bhainistiú go háitiúil ag Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil Chontae na Gaillimhe (LCDC) le tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Cuir Luch Feidhmithe an Chláir bearta an Chláir i bhfeidhm ar an láthair, is é sin le rá FÓRAM Chonamara, Forbairt Tuaithe na Gaillimhe Comhar na nOileán.
Feidhmíonn Pobal mar ghníomhairí de chuid na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta i dtaca le bainistíocht náisiúnta agus maoirseacht ar an gclár.
Á riar ag Pobal, tá an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann, tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus Ciste Sóisialta na hEorpa Plus faoin gClár Fostaíochta, Ionchuimsithe, Scileanna agus Oiliúna (EIST), 2021-2027.