Gach bliain i mí an Mheithimh, tacaíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe le tionscadail chruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga i ngach cearn den chontae.
Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl i mbliana ar an Satharn 6ú Meitheamh, 2026.
Is é aidhm Chruinniú na nÓg cinntiú de go mbeidh an rochtain agus na deiseanna céanna ag gach gasúr sa tír a gcuid cruthaitheachta a fhiosrú agus a bheith páirteach sna healaíona.
Don tríú bliain as a chéile fuair muid maoiniú breise chun cláir a rith ar na hOileáin Árann. D'fhás sé sin go mór ón am ar thosaigh sé in 2024 agus tarraingíodh aird na meán go mór air agus gnéchlár ar Cúla4 i 2025.
Is é Cruinniú na nÓg 2026 an ceann is mó agus is fearr go fóill. Déan brabhsáil trínár gclár 2026 agus féach ar cruinniú.gov.ie le haghaidh gach sonraí.