Cuardaigh

Ealaín Phoiblí

Tacaímid le forbairt coimisiún ealaíne poiblí nua agus caomhnaímid Bailiúchán Ealaíne Poiblí Chontae na Gaillimhe.

Is iad na tosaíochtaí atá againn don ealaín phoiblí ná coimisiúin agus cláir ealaíne poiblí nua a fhorbairt a thacóidh le healaíontóirí proifisiúnta agus teagmháil phoiblí in éineacht le bailiúchán ealaíne poiblí Chontae na Gaillimhe go dtí seo
a chaomhnú agus maoirseacht a dhéanamh air. Tá sé mar uaillmhian ag Comhairle Chontae na Gaillimhe clár ealaíne poiblí a chruthú a mbeidh cáil air as a fheabhas agus a bheidh ina fhoinse inspioráide agus bróid dá saoránaigh.

Leagtar amach sa bheartas seo ár gcur chuige straitéiseach maidir le healaín phoiblí i gContae na Gaillimhe, atá mar chuid dár gclár oibre ealaíne agus cultúir foriomlán. Tá feidhm ag an mbeartas seo maidir le tionscadail ealaíne poiblí arna gcoimisiúnú trí Scéim Chéatadáin don Ealaín agus ina bhfuil ár bhfreagrachtaí maidir le réimsí eile cleachtais ealaíne poiblí san áireamh, deontais phoiblí ina measc; Éadálacha; tograí indibhidiúla amhail cinn ó fhorbróirí
príobháideacha agus grúpaí pobail; comórtha agus cuimhneacháin; chomh maith le díchoimisiúnú.

Forbraítear beartas ealaíne poiblí Chomhairle Chontae na Gaillimhe i gcomhréir le dea-chleachtas Éireannach
agus idirnáisiúnta.

Coinnigh i dteagmháil

Má tá ceist agat maidir le hEalaín Phobail, cuir ríomhphost chugainn agus fillfimid ort

Phone numbers

Phone