D’ullmhaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2027, lena sainaithnítear an talamh a mheastar a bheith sa raon feidhme don CTCC amhail an 1 Eanáir 2026.
Tá an dréachtléarscáil bhliantúil ar fáil anseo Dréacht-Léarscáil Bhliantúil Cánach Talún Criosaithe Cónaithe - 2027 | Galway County Council Online Consultation Portal agus ag An Rannóg Pleanála, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Áras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh, H91H6KX
Féadfaidh aon daoine nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil. Pléitear leis sin ar shlí níos mionsonraithe thíos.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach bhfuil maoine cónaithe faoi réir CTCC má tá siad faoi réir Cáin Mhaoine Áitiúil, cé go bhfuil siad san áireamh ar an léarscáil. Ní gá aighneacht a dhéanamh chun an cineál maoine cónaithe seo a bhaint den léarscáil.
Áireofar talamh atá ar na dréacht-léarscáileanna bliantúla, agus aighneachtaí á gcur san áireamh, ar an léarscáil deiridh bhliantúil de thalamh atá sa raon feidhme le haghaidh na cánach i limistéar an údaráis áitiúil. Foilseofar an léarscáil sin ar an 31 Eanáir 2027. Féadfaidh an talamh sin a bheith faoi réir na cánach in 2027, mura maoin chónaithe í atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil nó má cháilíonn sí le haghaidh díolúintí eile, mar a fhoráiltear sa reachtaíocht.
Léirítear ar an léarscáil CTCC,mar a d’ullmhaigh agus a d’fhoilsigh na húdaráis áitiúla í, tailte a chomhlíonann na critéir ábhartha le cur san áireamh ar an léarscáil ,mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Is faoi na Coimisinéirí Ioncaim é riar an CTCC.
Is féidir teacht ar an reachtaíocht atá mar bhonn leis an CTCC i gCuid 22A den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997. Féadtar treoir maidir le riar na cánach a fháil anseo.
Tá treoir foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir leis an gCáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe. Tá sé mar aidhm aici cabhrú le húdaráis phleanála na léarscáileanna a fhoilsiú. Is féidir í a fheiceáil anseo.
Is féidir leat freagraí a fháil ar roinnt ceisteanna coitianta faoin CTCC agus faoi conas aighneacht a dhéanamh anseo [nasc chuig doiciméad ‘Do cheisteanna freagartha’] :